We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Army Bands.

Mr. Ryan

asked the Minister for Defence the pay of members of the Army bands.

Comment on this

Seo mar leanas tuairisc ar pháigh na mBuíonta in Arm-Scoil an Cheoil:—

Tá iníoctha, ina theannta, £39 sa mbliain de liúntas éide airm, agus íoctar de h-oifigigh £20 p.a. i leith gach páiste cáilithe.

Chomh maith le na rátaí thuasluaite íoctar 8d. sa ló ach cúig bliana de sheirbhís a bheith istigh aige, agus 1/4 sa ló ar chríochnú deich mbliana aige.

In éindigh lena bhfuil thuas, tá iníoctha freisin na liúntais seo leanas:—

Liúntas beatha: 3/10 nó 4/1 sa ló faoi réir coinníollacha áirithe,

Liúntas céile: 47/9 sa tseachtain

Liúntas páistí: 7/6 i leith gach páiste cáilithe.

Ioctar páigh breise de réir rátaí éagsúla idir 1/4 agus 3/11 sa ló le Buíon-Teagascóir í agus oirnéiseóiri ceannasacha áirithe.

Comment on this

Ós rud é go bhfuil an cheist i mBéarla, cén fáth go bhfuil an freagra i nGaeilge?

Comment on this

Rinne mé é sin go minic cheana.

Comment on this
Mr. Ryan

Go raibh maith agat.

33.

Comment on this
Mr. Ryan

asked the Minister for Defence the nature and duration of training in music given to members on entry into Army bands.

34.

Comment on this
Mr. Ryan

asked the Minister for Defence the nature and duration of training in music given to members of the Army bands.

35.

Comment on this
Mr. Ryan

asked the Minister for Defence the qualifications necessary for entrants to Army bands.

Comment on this

Le do cheadsa, a Cheann Comhairle, tógfad Ceisteanna 33, 34 agus 35 le chéile.

Earcaitear buachaillí idir cúigdéag agus seacht mbliana déag d'aois i gcomhair a dtraenála mar bhuíontóirí Airm. Níl cáilíochtaí cheoil riachtanach ag dul isteach dóibh, ach caithfidh teastas bunscoile a bheith aca— sin, nó a thaispeáint go bhfuil caighdeán scrúduithe sroichte aca nach ísle ná séú rang an chlár bunscoile. Iarna n-earcaithe amhlaidh gheibheann siad teagasc ar:—

(a) seinm ar oirnéisí agus teoiric an cheoil.

(b) Gaeilge, Béarla, Uimhríocht, Cathróireacht, Stair agus Tíreolaíocht;

agus

(c) aclaíocht, corpoiliúint, léamhléarscáileanna, garchabhair 7rl.

Braitheann tréimhse traenála ar dular-aghaidh na mbuachaill, ach is iondual go maireann sí trí nó ceithre bliana; ina dhiaidh sin cuirtear ins na h-Armbhuíonta ceoil iad. Uaidh sin amach faghann siad an ceoloiliúint níos céimnithe atá riachtanach le cur ar a gcumas a bheith páirteach leis na buíonta. Leantar den oiliúint sin feadh a seirbhise.

36.

Comment on this
Mr. Ryan

asked the Minister for Defence if he will state in respect of the twenty-four former members of Army bands who retired from the Army since August 1955 to join the Garda Síochána Band, whether they were all required to purchase their discharge from the Army, and the amount of money collected by the Army as a consequence of such purchases.

Comment on this

As an 24 buíontóirí Airm sa gceist, scaoileadh saor 14 acu arna gceannach-amach óna BuanÓglaigh. Sé £2,500 an t-iomlán a d'íocadar alos a gceanntachta-amach.

Comment on this