Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tógáil Scoile i mBaile Mháirtín, Luimneach.
den Aire Oideachais conas atá an scéal maidir le scoil nua a thógáil i mBaile Mháirtín, i bparóiste Mhainistir an Aonaigh, Contae Luimnigh.
Comment on this
Ó tharla gurab í scoil Bhaile Mháirtín an t-aon scoil náisiúnta i bparóiste Mhainistir an Aonaigh, tá beartaithe scoil nua beirt oide do thógaint in áit na seanscoile. Cuirfear na socruithe is gá idir lámha go luath.
Comment on this
Maidir le freagra an Aire, an bhféadfadh sé a rá (1) cathain a fuarthas locht ar an scoil ar dtús (2) cathain a sochraíodh ar scoil nua a thógáil? Fosta, an bhfuil a fhios ag an Aire nár ceadaíodh an chéad shuíomh scoile a cuireadh ar fáil, gur cuireadh iachall ar an mbainisteoir suíomh nua ar luach mór a sholáthar, gur cuireadh an scoil ar liosta tógála i dteannta lena lán eile ag an am gcéanna agus go bhfuil muintir na h-áite ag feitheamh le blianta le scoil nua?