We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Factory.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a comprehensive statement concerning the Ambler factory, Bunbeg, County Donegal.

Comment on this
Michael F. Kitt Parliamentary Secretary to the Minister for the Gaeltacht (Mr. Kitt) Fianna Fáil

Is comhlacht é Ambler of Donegal Ltd. ina bhfuil trian de na scaireanna ag Gaeltarra Éireann agus an dá thrian eile ag Jeremiah Ambler Ltd., Bradford. Tá monarcha ag an gcomhlacht ar cíos ó Ghaeltarra agus fuair sé deontas ó Ghaeltarra le haghaidh innealra. Sníomh agus tochras cineálacha éagsúla snáthanna atá ar siúl sa mhonarcha agus, nuair a bheidh an tionscal faoi lánseol, meastar go mbeidh suas le 200 duine ag obair ann. Foireann 118 atá ann faoi láthair.

De dheasca deacrachtaí atá ag cur isteach ar na tionscail theicstíleachta sa tír seo agus i dtíortha eile tháinig laghdú sealadach ar an obair. Is cúis áthais dom a rá, áfach, go bhfuil obair lánaimsire ar siúl sa mhonarcha arís.

Comment on this