Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta.
d'Aire na Gaeltachta cá bhfuil an £20,000 a fuair an Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta á chaitheamh agus cé mhéid de atá á chaitheamh (1) i mBaile Átha Cliath, (2) i nGaeltacht Dhún na nGall, (3) i nGaeltacht na Gaillimhe, (4) i nGaeltacht Chiarraí agus (5) i nGaeltacht Chorcaí.
Comment on this
Tugann an Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta cúnamh ginearálta ar fud na tíre chun an drámaíocht Ghaeilge a chur chun cinn —mar shampla, trí léirithe, féilte agus cúrsaí ar ábhair dhrámaíochta a chur ar siúl. Ní choimeádann an chomhairle a gcuid cuntas de réir na gceantar ina dtugtar an cúnamh. Tuigfear mar sin nach mbíonn eolas ar fáil sa tslí atá luaite ag an Teachta.
Comment on this
An bhfuil an Rúnaí Parlaiminte i ndáiríre nuair adeir sé nach bhfuil an t-eolas le fáil ag an Tigh seo faoi cá bhfuil an £20,000 ag imeacht? Masladh dúinn é sin agus ní ceart a leithéid.
Comment on this
Tá a fhios agam cá bhfuil sé ag imeacht ach níl an t-eolas agam sa tslí atá sé ag teastáil ón Teachta. Ní féidir an t-eolas a bhriseadh síos maidir leis na Gaeltachtaí go léir. Is mar seo a oibríonn An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta: cuireann siad clár oibre chuig Roinn na Gaeltachta agus sonnraítear na príomh-theidil chaiteachas ar an gclár sin, ach ní luaitear na ceantair éagsúla. Tá timthirt acu a théann ar fud na tíre ar fad. Bíonn cúrsaí acu b'fhéidir anseo i mBaile Átha Cliath. Freastalann daoine ó Chiarraí agus ó áiteanna eile ar na cúrsaí sin. Is féidir an méid iomlán a thúirt don Teachta ach ní féidir é a bhriseadh síos.
Comment on this
Nach bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil an t-airgead go léir á chaitheamh i mBaile Átha Cliath agus gurab shin é an fáth nach bhfuil sé ag tabhairt an freagra dom? "Racket" ceart atá ann.