Caiteachas ar scéimeanna sóisialta sa Ghaeltacht
D’iarr Tunney sonraí faoin gcaiteachas ar scéimeanna sóisialta sa Ghaeltacht. Dúirt Kelly gur caitheadh breis agus £6 mhilliún ar obair na Roinne agus Ghaeltarra Éireann a chuireann leis an saol sóisialta go díreach nó go hindíreach, agus thairg sé freagra ar cheist níos sainiúla.
d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh le bliain anuas ar scéimeanna chun saol sóisialta sa Ghaeltacht a fheabhsú; agus na sonraí a thabhairt.
Comment on this
Is féidir a rá go gcabhraíonn caiteachas uile Roinn na Gaeltachta agus Ghaeltarra Éireann go díreach nó go hindíreach chun an saol sóisialta sa Ghaeltacht a fheabhsú: breis agus £6 mhilliún d'airgead an Stáit a bhí i gceist le bliain anuas. Más mian leis an Teachta ceist eile a chur síos maidir le sonraí an chaiteachais faoi scéimeanna ar leith, beidh áthas ar an Aire i a fhreagairt.