We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Tithíochta sa Spidéal.

d'Aire na Gaeltachta cén dáta a iarradh cead pleanála le haghaidh scéim tithíochta sa Spidéal, Contae na Gaillimhe; agus an bhfuil airgead curtha ar fáil i meastacháin 1975 don scéim seo.

Comment on this

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann go bhfuarthas cead pleanála sracléaráide don scéim sin agus go n-iarrfar cead iomlán a luaithe a réiteofar fadhbanna áirithe a bhaineann le cúrsaí séarachais. Ní léir go fóill go bhféadfaí airgead a chaitheamh ar an scéim i mbliana.

Comment on this