Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Limistéir Ghaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Cill an Ghoirtín, Contae Chiarraí agus áiteanna eile gar dó a ainmniú mar chuid den Fhíor-Ghaeltacht; agus, má tá, an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.
Comment on this
Faoi mar atá ráite agam cheana ar an 4ú lá de Meitheamh, táim sásta breithniú báúil a dhéa namh ar eolas sonrach faoi úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra a bheith á leathnú le blianta beaga anuas in aon cheantar agus, má léirítear dom gur Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, molfaidh mé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht.
Comment on this
An raibh teangmháil idir an Aire agus an Teachta O'Connor i gcás ainmniúcháin Cill an Ghoirtín mar chuid den Fhíor-Ghaeltacht?
Comment on this
Chuir an Teachta litir go dtí an Aire ar 24ú Deire Fómhair, 1973. D'iarr an tAire ar an Teachta a thuille eolais a thúirt dó agus níor tháining an t-eolas ó shin.
Comment on this
An bhfuil Roinn na Gaeltachta ag brath ar an Teachta O'Connor chun an t-eolas ar fad a thúirt dóibh nó an bhfuil siad féin sásta aon fhiosrúchan a dhéanamh.
Comment on this
Bheadh spéis go speisialta ag an Teachta san áit sin. Chuir an tAire ceist ar an Teachta agus níor tháinig an Teachta thar n-ais.
Comment on this
An bhfuil suim ag Roinn na Gaeltachta féin sa cheist seo? An bhfuil sé ar intinn acu aon fhiosrúchaán a dhéanamh féachaint an gcuirfear an áit atá luaite sa cheist isteach sa Ghaeltacht?
Comment on this
Má tá daoine ábalta a thaispeáint don Roinn agus don Aire gur Gaeilgeoirí mórchuid des na daoine ins an bparóiste sin, molfaidh an tAire go gcuirfí an áit sin isteach sa Ghaeltacht.
(Cur isteach.)
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an dtógfar isteach sa Ghaeltacht i mbliana aon limistéir nua; má thógtar, cad iad na limistéir iad; agus mura bhfuil ar intinn aige aon limistéir nua a thógáil isteach, cén fáth?
17. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta cén uair a chuirfidh sé tograí os comhair na Dála le hathruithe a dhéanamh ar limistéir na Gaeltachta faoi mar atá geallta aige.
Comment on this
Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna a 16 agus a 17 le chéile. Is le hordú Rialtais a dhéanfaí athruithe ar na limistéir Ghaeltachta agus ní bheadh tograí le cur os comhair na Dála roimh ré.
Ní féidir a rá ag an bpointe seo an mbeidh ordú mar sin le déanamh ag an Rialtas i mbliana.