Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostú Oibrithe.
d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé cé mhéad oibrithe a bhí fostaithe sna monarchana (a) is le Gaeltarra, (b) faoi scéim mórdheontas agus (c) faoi scéim miondeontas ar an 31 Márta sna blianta 1973, 1974 agus 1975.
Comment on this
Níl figiúirí fostaíochta ar fáil don 31 Márta: is amhlaidh nach mbailítear na figiúirí sin ach do thús agus do lár na bliana féilire. Tá tábla agam a thugann an t-eolas a fuarthas ó Ghaeltarra Éireann faoin bhfostaíocht i ndeireadh na mblianta 1972, 1973 agus 1974 agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é. Seo a leanas an tábla:—
An líon fostaithe ar 31 Nollaig
1972 | 1973 | 1974
(a) Tionscail Ghaeltarra
—lánaimseartha | 443 | 368(i) | 344
—páirtaimseartha | 600 | 600 | 600
(b) Comhthionscail
—lánaimseartha | 691 | 1,201(i) | 1,199
—páirtaimseartha (ii) | 314 | 396 | 373
(c) Miontionscadail
—lánaimseartha | 730 | 797 | 1,074
—páirtaimseartha | 120 | 135 | 165
(i) Aistríodh 91 oibri ó thionscail Ghaeltarra go comhthionscail i rith na bliana 1973.
(ii) Obair shéasúrach in óstáin san áireamh.