Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostú Oibrithe.
d'Aire na Gaeltachta cén líon oibrithe a bheas fostaithe (a) go lánaimsireach, (b) go páirtaimsireach sna monarchana nua atá beartaithe a bhunú i gCarna, sa Cheathrú Rua, i gCorr na Móna, i Ros a' Mhíl agus i dTír an Fhia, Contae na Gaillimhe.
35. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé, i gcás gach ceann de na monarchana nua atá beartaithe a bhunú i gCarna, sa Cheathrú Rua, i gCorr na Móna, i Ros a' Mhíl agus i dTír an Fhia, Contae na Gallimhe (a) an bhfuil conradh cinnte déanta le lucht bainistíochta ina cóir, (b) má tá, an mbeidh Gaeltarra Éireann páirteach inti agus (c) cé eile a bhéas páirteach inti.
Comment on this
Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceist a 34 agus Ceist a 35 le chéile.
Faoi mar adúirt mé mar fhreagra ar Cheist a 20 ar an 4 Meitheamh tá réamhmhonarchana á dtógáil ar an gCeathrú Rua agus i gCorr na Móna. Tá beartaithe monarcha a thógáil ar láithreán atá ceannaithe i dTír an Fhia agus tá tionscal á lorg don áit.
Tá socruithe cinnte déanta do na tionscail sna háiteanna eile a luaitear agus beidh Gaeltarra Éireann páirteach iontu; tá eolas ina dtaobh i bhfoirm tábla agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.
Seo a leanas an tábla:—
Áit | Daoine i bpáirt le Gaeltarra | Líon measta na n-oibrithe nuair a bheidh an tionscal faoi lánscol
Lánaimsireach | Páirtaimsireach
Carna | — | 50 | 2
An Cheathrú Rua | Ón nGearmáin | 38 | 8
Ros a' Mhíl | Ó Éirinn agus ón Danmhairg | 43 | —