Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Costais Taistil agus Fialachta.
- Aer Arann travel costs 4 speeches
Molloy asked how much was paid to Aer Arann for the Minister’s and officials’ travel; O’Donnell circulated a statement and gave the total as £258.50.
Robert Molloy, Thomas G. O'Donnell, Charles J. Haughey
- Minister’s travel and hospitality expenses 11 speeches
O’Donnell reported £656 in travel and subsistence costs and £944 in hospitality costs through May 1975. He said travel included trips inside and outside Ireland, and offered to provide a detailed breakdown of the hospitality spending if asked in writing.
Robert Molloy, Thomas G. O'Donnell, Charles J. Haughey, James C. Tunney, Liam Cunningham
d'Aire na Gaeltachta cad é an méid airgid atá íoctha le hAer Árann mar chostais taistil an Aire, oifigigh a Roinne agus oifigigh Ghaeltarra Éireann ó Mhárta, 1973; agus an dtabharfhaidh sé costais agus dáta gach ócáide.
Comment on this
Le cead an Cheann Comhairle, cuirfear ráiteas timpeall sa Tuairisc Oifigiúil maidir leis na híocaíochtaí a bhain liom féin agus le hoifigigh mo Roinne go dtí deireadh mí Bealtaine, 1975.
Seo a leanas an ráiteas:—
£
Gnáth-tháillí taistil ar an ngnáthsheirbhís idir Gaillimh agus Árainn ar dhátaí éagsúla | 78.50
Turas speisialta ag an Aire agus daoine eile go hOileáin Árann ar 22 Aibreán, 1974 | 50.00
Íocaíochtaí na Roinne le hAer Árann | 128.50
Cuairt ar an Mór-Roinn 30 Meán Fómhair go 9 Deireadh Fómhair, 1974 i dteannta le hoifigigh Ghaeltarra Éireann: an chuid a bhain leis an Roinn agus a íocadh le Gaeltarra | 130.00
An tIomlán | £258.50
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta cad é an méid airgid atá caite ag a Roinn agus ag Gaeltarra Éireann ar chostais taistil agus fialachta an Aire ó Mhárta, 1973.
Comment on this
Anuas go dtí deireadh mí Bealtaine, 1975, d'íoc mo Roinn:
—£656 mar chostais taistil agus chothaithe a bhain liom agus
—£944 mar chostais fhialachta d'ócáidí ar a raibh mé i láthair.
Comment on this
An bhfuil figiúir ag an Aire i gcóir na dtúras a rinne sé go dtí an Ghearmáin agus go dtí an Iodáil?
Comment on this
Sea agus go dtí Alba agus Sasana le déanaí. Beidh mé ag túirt turasanna i rith an tSamhraidh go dtí an Mór-Roinn.
Comment on this
Cé mhéid ócáid atá i gceist maidir leis an £900 a chaitheadh ar chostais fhialachta?