Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionsclú na Gaeltachta.
- Employment at Ceathrú Rua industrial estate 2 speeches
Four factories are operating full-time, employing 93 full-time workers and nine managers; none has part-time workers or is on a three-day week or closed.
Máire Geoghegan-Quinn, Thomas G. O'Donnell
- Local hiring for Gaeltacht factory construction 2 speeches
The Minister supports giving suitable local people priority for factory construction work and says Gaeltarra Éireann does so as far as possible.
Máire Geoghegan-Quinn, Thomas G. O'Donnell
d'Aire na Gaeltachta (1) cé mhéid monarcha in eastát tionsclaíochta na Ceathrún Rua, Contae na Gaillimhe atá ag obair go lánaimsireach faoi láthair (2) cén uimhir gnáthoibrithe atá fostaithe i ngach monarcha (a) go lánaimsireach agus (b) go páirtaimsireach (3) cén líon bainisteoirí atá i bhfeighil i ngach monarcha díobh agus (4) cé mhéid monarcha atá ar sheachtain trí lá nó dúnta ar fad.
Comment on this
Is i bhfoirm tábla atá an t-eolas agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.
Seo a leanas an tábla:
Déantús | Gnáthoibrithe | Bainisteoirí
Earraí plaisteacha | 55 | 4
Éadaí | 23 | 1
Tithe réamhdhéanta | 8* | 3
(*gan 14 eile a bhíonn ag tógáil na dtithe ar fud na tíre a áireamh)
Stocaí leighis | 7 | 1
An tIomlán | 93 | 9
Obair lánaimsireach atá ar siúl sna ceithre mhonarcha sin agus níl aon oibrithe páirtaimsireacha iontu. Níl aon mhonarcha ar sheachtain trí lá ná dúnta.
16. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an é polasaí a Roinne daoine áitiúla a fhostú i dtógáil monarchan ar fud na nGaeltachtaí éagsúla; agus an bhfuil sé sásta go bhfuiltear ag cloí leis an bpolasaí sin chomh fada agus is féidir.