Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord Forbartha an Iarthair.
d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé meamram ar fáil a thabharfaidh eolas beacht faoi Bhord Forbartha an Iarthair atá fógartha aige agus, go speisialta, mioneolas maidir leis na cumhachtaí agus an sciar airgid a bhéas aige.
Comment on this
Is é a d'fhógair mé ar an 4 Deireadh Fómhair ná go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas Bord Forbartha an Iarthair a bhunú tar éis comhairle iomlán a ghlacadh leis na comhlachtaí uile a mbaineann an scéal leo. Is tar éis comhairle mar sin a ghlacadh a bheifear in ann mioneolas a thabhairt i dtaobh an bhoird.
Comment on this
An ndéarfaidh an tAire cén fáth ná baineann an bord seo le h-iarthar Chiarrai agus le h-iarthar Chorcaigh?
Comment on this
Do rinne mé tagairt don cheist sin nuair a thug mé preasagallamh i gCathair na Mart ar an ócáid sin. Dúras go mbeidh sé mar chuspóir ag an mbord nua seo forbairt a dhéanamh ar an iarthar, sé sin, an Ghalltacht i gCúige Chonnachta agus contae Dhún na nGall agus chomh maith le sin, go raibh na réigiún eile á scrúdú ag an Rialtas, go háirthe Contae Chiarraí agus Contae Chorcaigh.
Comment on this
An n-aontaoínn an tAire gur ionann na deacrachtaí atá ag baint le saol na ndaoine in iarthar Chiarraí agus in iarthar Chorcaigh agus a bhaineann le saol mhuintir iarthar na Gaillimhe agus le saol mhuintir Dún na nGall?
Comment on this
Aontaím go bhfuil na deacrachtaí céanna ag na contaethe go léir ar chósta an iarthair ach mar sin féin d'aontódh an Teachta liom go bhfuil "unit" i leith ann i gcás Cúige Chonnachta agus Contae Dhún na nGall. Mar adúras tá an cheist i dtaobh Chiarraí agus Corcaí dhá staidéar ag an Rialtas agus do pléadh an cheist seo go hiomlán anseo sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a bhí Private Member's Motion dhá phlé anseo ag an Teachta Colley.
Comment on this
An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach ainmneacha na n-eagraisí seo a raibh comhairle aige leo sul ar fógraíodh an bord nua seo?
Comment on this
Do mhínigh an tAire Airgeadais an cheist seo go hiomlán. Bhí ceist síos ag an Dochtúir Gibbons an tseachtain seo caite. Ba mhaith liomsa a rá gur chuir an Teachta Molloy an cheist céanna ar an Aire Airgeadais agus gur thug an tAire Airgeadais an freagra agus ba mhaith liomsa a rá, a Cheann Comhairle, nach liomsa mar Aire na Gaeltachta a bhaineann an cheist seo go hiomlán.
Comment on this
Ar chuala mé an tAire i gceart? Ar dhúirt sé gur thug an tAire Airgeadais an freagra ina iomlán dom an tseachtain seo caite?
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire gur dhúirt an tAire Airgeadais an tseachtain seo caite nuair a chuir mé an cheist seo air nach raibh a fhios aige cé hiad na heagraisí a raibh comhairle acu leo sul ar cuireadh an scéal amach i dtaobh an bhord nua seo? Níl a fhios aige faoi. Níl a fhios aige cé hiad na daoine a raibh comhairle aige leo.
Comment on this
Ní h-aon mhaith bheith ag argóint ach tá fonn ormsa cabhrú chun an t-eolas atá agamsa a thabhairt don Teach. Tá sé fuirist go leor na heagraisí a lua a mbeidh comhairle leo—na comhairlí contae, na heagraisí réigiúnacha, RDOs, na county development teams, na coistí réigiúnacha den IDA, na heagraisí deonacha agus b'fhéidir chomh maith, cuir i gcás, the local development associations agus chambers of commerce.
Comment on this
An raibh comhairle leis na heagraisí ar fad a luaigh tú anois sul ar luaigh tú féin an scéal faoin mbord nua seo? An raibh comhairle ann roimhe sin?
Comment on this
Dúras féin anseo sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a bhí an díospóireacht againn faoin polasaí réigiúnach go raibh sé anthábhachtach ar fad go mbeadh lánchomhairle le gach eagras.
Comment on this
Ba mhaith liom an cheist seo a chur ar an Aire. An bhfuil aon cheist airgid faoi leith nó an mbeidh aon chiste airgid faoi leith ag an mbord seo le caitheamh ins na réigiúin seo?
Comment on this
Cinnte beidh airgead ar fáil. Beidh airgead ar fáil chun go mbeidh an bord sin in ann an obair atá beartaithe againn a dhéanamh agus chomh maith leis beidh cumhachtaí acu.
Comment on this
Airgead agus cumhacht. Ní h-aon mhaith bheith ag caint faoi bhord Stáit mura mbíonn airgead agus cumhacht aige.
Comment on this
An n-aontódh an tAire nach bhfuil gá le h-aon eagras nua ar chor ar bith san iarthar ach go bhfuil gá le hairgead agus dá gcuirfeadh an Rialtas airgead ar fáil anois go bhfuil na heagraisí ann? Luaigh tú féin county development teams, IDA. Tá na daoine sin ar fad lonnaithe san iarthar agus in ann cabhrú le h-eagraisí go bhfuil easpa airgid orthu. An n-aontódh tú leis sin?
Comment on this
Os rud é go raibh gá le h-eagrais i leith, sé sin SFADCo, chun forbairt réigiúnach an mheániarthair a chur chun cinn agus go raibh gá chomh maith le Gaeltarra Éireann chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn, cinnte tá gá le h-eagrais agus le h-airgead chun forbairt an iarthair agus——