We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláisti Gaeilge na Gaeltachta.

d'Aire na Gaeltachta ar tháinig ardú ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a rinne freastal ar choláistí Gaeilge na Gaeltachta i mbliana.

Comment on this

Tháinig ardú 532 ar líon iomlán na ndaltaí ar íoc mo Roinnse deontais ina leith. Ní chuirtear eolas le chéile i dtaobh na scoileanna óna dtagann siad ach is féidir a rá gur daltaí iar-bhunscoile is mó a bhíonn i gceist.

Comment on this

An bhfuil curtha san áireamh daltaí iar-bhunscoile óna Sé Contae a bhí ar na coláistí Gaeilge anseo? Cé mhéid duine atá i gceist?

Comment on this

Tagann cuid mhaith daltaí mar sin go dtí na coláistí Samhraidh i nDún na nGall agus tá siad seo san áireamh agus bhí i gcónaí.

Comment on this