We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deisiú Bóthair.

agusMr. Cunningham d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé deontas chun dhá mhíle go leith de bhóthar ar a bhfuil ceithre theach déag i gCnoc na Logha, Iorras, Contae Mhaigh Eo, a dheisiú.

Comment on this

Moladh don chomhairle chontae cheana an bóthar sin a bhreithniú faoi scéim na bhfeabhsúchán atá á reachtúil le cabhair ón Roinn Rialtais Áitiúil.

Comment on this

An bhfuil sé beartaithe ag an Aire aon chabhair a thabhairt don bhóthar tábhachtach go leor sin?

Comment on this

Ag an bpointe seo níl sé i gceist ag mo Roinnse aon chabhair a thabhairt.

Comment on this

Is bóthar é seo atá ag freastal ar 14 teaghlach sa Ghaeltacht seo. Is é cuspóir na ceiste a fháil amach ón Aire an bhfuil sé beartaithe aige féin nó ag an Roinn aon airgead ná aon deontas a thabhairt chun an bóthar seo a dheisiú.

Comment on this

Níl.

Comment on this

An bhfuil a fhios ag an Aire cé mhéid airgid a bhéas ag gach teaghlach atá chun an bóthar seo a fhreastal.

Comment on this

Tabharfaidh mé an scéal don Teachta faoin mbóthar sin. Is cuid an-imeallach den Ghaeltacht i gceantar Bhaingear Iorrais atá i gceist. Le tamall anuas níl airgead go leor ar fáil le freastal ar bhóithre i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ach go bhfuil an Ghaeilge go lag fé mar atá sa cheantar seo. Ceapann mo Roinnse nach cóir dúinn deontais a thabhairt i gcás an bhóthair seo ós rud é go bhfuil an bóthar an-imeallach mar adeirtear anseo.

Comment on this

Cad é atá i gceist ag an Aire nuair adeir sé gur bóthar imeallach é? An bhfuil an bóthar sa Ghaeltacht nó nach bhfuil agus má tá sé sa Ghaeltacht nach bhfuil an ceart céanna acu atá ag aon limistéar Gaeltachta eile?

Comment on this

Nuair adeirim nach bhfuil an t-airgead dhá chaitheamh ar bhóithre ach sa bhfíor-Ghaeltacht——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Labour Party

Ceist a 11. Caithfimid dul ar aghaidh anois.

Comment on this