Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aerstráice i dTír Chonaill.
d'Aire na Gaeltachta cad é mar atá an scéal faoi láthair faoin aerstráice atá geallta aige do Chumann Forbartha Chloich Cheann Fhaola i dTír Chonaill.
Comment on this
Tuigeann an tAire ó Chaeltarra Éireann go bhfuil ceist an láithreáin d'aerstráice á plé acu fós.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte gurab é seo an dara láthair don aerstráice atá á phlé ag an Aire le trí bliana anuas agus gur gheall sé go mbeadh aerstráice ar fáil i dTír Chonaill i bhfad roimhe seo agus gheall a lán aerstráicí eile ins na Gaeltachtaí ach níl siad ar fáil go fóill? An bhfuil a fhios ag an Rúnaí Parlaiminte go bhfuil leithscéal i ndiaidh leithscéil á úsáid ag an Aire chun é seo a chur ar an mhéir fhada?