We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

Máire Geoghegan-Quinn Mrs. Geoghegan-Quinn

d'Aire na Gaeltachta cén líon oibrithe a bhí fostaithe i monarchana i nGaeltacht Chonamara (a) ar an 31 Nollaig 1974 agus (b) ar an 31 Nollaig 1975.

Comment on this

Tuigeann an tAire ó Ghaeltarra Éireann gur mar seo a leanas a bhí líon na n-oibrithe i gcomhthionscail agus i miontionscail ar chabhraigh Gaeltarra leo i nGaeltacht na Gaillimhe: 676 ar 31 Nollaig, 1974 agus 742 ar 31 Nollaig, 1975.

Comment on this