Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas faoin ngealltanas a thug sé i dtaobh bunú Údarás na Gaeltachta.
Comment on this
Beidh Bille ag teastáil chun Údarás na Gaeltachta a bhunú agus, faoi mar a dúirt mé cheana, tabharfar ós comhair na Dála é a luaithe a bheidh dréacht réitithe ag an dréachtóir Parlaiminte agus glanta ag an Rialtas.
Comment on this
An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte aon tuairim a thabhairt tar éis an méid atá ráite ag Aire na Gaeltachta? Dúirt sé bliain ó shin go mbeadh sé os comhair na Dála roimh laethanta saoire an tSamhraidh. Dúirt sé tar éis laethanta saoire an tSamhraidh go mbeadh sé os comhair na Dála roimh dheireadh na bliana agus anois dúirt an Rúnaí Parlaiminte go mbeadh sé os comhair na Dála go gairid. Cén chiall atá le "go gairid"?
Comment on this
Ní bheidh sé ann roimh Chaisc. Níl smacht ar bith ag Príomhaire an Rialtais ar na dréachtóirí Parlaiminte ná ar Gaeltarra Éireann ná ar Roinn na Gaeltachta.
Comment on this
An n-aontódh an Rúnaí Parlaiminte nach bhfuil aon chumhacht ag Aire ar bith a théann timpeall na tíre ag tabhairt geallúintí anseo agus ansiúd agus gan na geallúintí sin a chomhlíonadh?
Comment on this
Ní doigh liom go bhfuil ach is féidir liom barántas a thabhairt don Teach go bhfuil obair á déanamh ag an Rialtas ar an mBille faoi láthair.
Comment on this
An fíor gur gá don Rialtas na cinnteidil sin a ghlacadh sar a dheineann an dréachtóir parlaiminte an Bille a ullmhú?
Comment on this
Níl mé cinnte faoin scéal seo ach ní dóigh liom go bhfuil an Bille sin gluaiste sách fada ar aghaidh chun é a dhéanamh mar is féidir nach bhfuil socrú nó réiteach déanta ag an Aire nó ag Gaeltarra Éireann nó ag an Roinn faoi an gcaoi is fearr nó an caoi ba chóir Údarás na Gaeltachta a bhunú agus an cruth a ba chóir a bheith air.