We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aitheantas Gaeltachta.

Baile Mhac Óda Gaeltacht Recognition

Summary

Tunney asks whether the Minister promised Gaeltacht recognition for Baile Mhac Óda and what progress has followed. O'Donnell says he will consider evidence of increased everyday Irish use and offers support, but denies promising recognition within a year.

d'Aire na Gaeltachta ar tugadh aon ghealltanas do mhuintir Bhaile Mhac Óda, Contae Chorcaí faoi aitheantas Gaeltachta a thabhairt don cheantar; cathain a tugadh é; agus cén dul chun cinn atá déanta ó shin faoi.

Comment on this

Is amhlaidh atá ráite go minic agam go mbím sásta breithniú báúil a dhéanamh ar eolas sonrach faoi úsáid na Gaeilge mar ghnáthurlabhra a bheith á leathnú le blianta beaga anuas in aon cheantar agus, má léirítear dom gur Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine ann, go molfaidh mé don Rialtas an ceantar a áireamh sa Ghaeltacht. Beidh an-áthas orm nuair a bheidh muintir Bhaile Mhac Óda in ann é sin a léiriú.

Comment on this

An nglacfadh an tAire gur thug sé an gealltanas seo do mhuintir Bhaile Mhac Óda agus mé féin i láthair agus fó-thoghachán eile ar siúl—go raibh sé féin dóchasach go mbeidís istigh sa Ghaeltacht taobh istigh de bhliain?

Comment on this

Agus táispeánadh ar an dteilifís é.

(Cur isteach.)

Comment on this

Bhí an Teachta i láthair maidin Domhnaigh amháin ós cóir an tséipéil i mBaile Mhac Óda agus bhí an Teachta ag éisteacht liom agus séard adúirt mé gur mhol mé go poiblí an t-iarracht íontach a bhí á déanamh ag muintir Bhaile Mhac Óda, Ghort Rua agus Chill Iaith chun an teanga a chur chun cinn arís agus go mbeinn sásta cabhrú leo agus go raibh mé dóchasach dá leanfaidís ar aghaidh leis an iarracht sin go mbainfidís amach an aidhm a bhí acu, sé sin, a bheith aitheanta arís fé mar a bhí siad fadó mar Fhíor-Ghaeltacht agus tá dul chun cinn íontach déanta ó shin. Rinneamar suirbheíreacht ann bliain ó shin. Bhí sé soiléir go raibh dul chun cinn an-mhaith déanta. Tá siad ag leanúint ar aghaidh leis na ranganna Gaeilge arís i rith an Gheimhridh agus tá mé dóchasach go mbeidh an t-aitheantas tuillte acu sar i bhfad.

Comment on this

Admhaíonn an tAire gur thug sé gealltanas dóibh go dtabharfadh sé cúnamh dóibh ar a laghad. Ar mhiste leis a rá cén cúnamh a thug sé do mhuintir na háite sin ó shin i leith?

Comment on this

Chuaigh mé ann agus thug mé misneach dóibh. Thug mé gach cabhair agus tacaíocht dóibh.

Comment on this

That does not make a Gaeltacht of it. The Minister is sitting with people who hate Irish.

(Cur isteach.)

Comment on this

Tá an Teachta O'Brien agus an Teachta FitzGerald in a suí in aice leis an Aire.

Comment on this

Is cuimhin liom go maith an mhaidin sin nuair a bhí an bheirt againn ós cóir an tséipéil agus dúras gur mór an trua é agus gur chúis bhróin í an slí in ar lig Rialtas Fhianna Fáil an Ghaeilge a lagú sa cheantar áirithe sin.

Comment on this