Gaeltacht road funding and repairs
Tunney and Molloy questioned the unchanged £225,000 allocation, arguing that road costs had risen and more funding was needed; O’Donnell said the amount was considered sufficient, citing earlier underspending and confirming all funds were spent in 1976. Gallagher raised delays in notifying councils about repair roads, and O’Donnell said the list was expected within two weeks.
d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil ardú airgid sna meastacháin i mbliana thar 1976 le haghaidh bóithre sa Ghaeltacht.
Comment on this
Is ar bhóithre áise is mó a chaitear an t-airgead agus meastar gur leor £225,000 dóibh i mbliana.
Comment on this
An bhfuil an tAire ag rá liom gidh gur caitheadh £225,000 anuraidh, go bhfuil sé sásta, agus na costaisí go léir a chur san áireamh, gur leor an méid céanna i mbliana?
Comment on this
Tá pointe ag an Teachta, ach bhí deacracht amháin againne maidir leis na scéimeanna bóithre sa Ghaeltacht. Tugann mo Roinnse an t-airgead agus is ar na comhairlí contae atá an fhreagarthacht an obair a dhéanamh. Séard a thárla cúpla bliain—agus nílim ag cur aon locht ar na comhairlí contae faoi sin —ná nár caitheadh an t-airgead go léir. Chuir mé ceist ar mo Roinnse inniu agus tá áthas orm a fháil amach, chomh fada agus is eol dúinn, gur chaith na comhairlí contae an t-airgead go léir i 1976.
Comment on this
An nglacfadh an tAire nach bhfuil rud ar bith níos tábhachtaí do ghná-dhaoine na Gaeltachta ná na bóithre ar a gcomhnaíonn siad, agus go mba cheart dúinn beith ag caitheamh i bhfad níos mó airgid ná mar atá, agus cinnte go mba cheart go mbeadh ardú ann thar an méid a caitheadh anuraidh?
Comment on this
Sí tuairim mo Roinnse go bhfuil an fhigiúir seo sásúil go leor ach a chintiú go ndéanfar an obair agus go ndéanfaidh na comhairlí contae an obair. Má déantar obair ar an leibhéal sin gach bliain beidh dul chun cinn an-mhaith déanta.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire go mbíonn sé mall sa bhliain nuair a gheibheann na comhairlí contae fógraí ó Roinn na Gaeltachta faoi na bóithre atá le deisiú, agus an bhféadfadh sé a rá cén uair i mbliana a bhéas na fógraí sin i dtaobh na bóithre atá le deisiú tughtha do na comhairlí contae?
Comment on this
Aontaím go mb'fhéidir go raibh locht éigin ar mo Roinnse faoin moill sin ach tuigim go mbeidh liosta na mbóithre ar fáil i gceann coicíse.
Comment on this
An bhfuil sé fíor go bhfuil costas tógála bóithre imithe in áirde 30 fén gcéad idir an bhliain seo agus an bhliain seo caite agus, da bhrí sin, an aontódh an t-Aire liomsa go mba chóir dó árdú den mhéid céanna faoin gcéad a thabhairt sa mhéid airgid atá á chur ar fáil chun na bóithre a dheisiú? An aontódh sé liom nach mbeidh na comhairlí contae in ann an méid míle bóithre céanna a dheisiú i mbliana agus a bhí anuraidh ós rud é go bhfuil na costaisí imithe in áirde agus nach bhfuil an deontas imithe in áirde.
Comment on this
Admhaím go bhfuil pointe ag an Teachta agus nílim ag argóint faoi ar chor ar bith, ach mar a dúirt mé, bhí deachracht mhór againn i 1974 agus i 1975 ós rud é go raibh cuid mhaith airgid nár chaith na comhairlí contae. Nuair a bhíomar ag ullmhú na meastachán——
Comment on this
Sílim go raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe imeasc na gcomhairlí nár chaith an t-airgead go léir ar a laghad i mbliain amháin.
Comment on this
Ní bhfuair siad scéala i n-am. Níor theastaigh uaibh go gcaithfeadh siad é. Ní bhfuair siad scéala go dtí Mí Lúnasa.