Grant to failed Cork company
Tunney asks when grants were paid to a Cork company and challenges the £39,920 total given its small workforce and closure. O’Donnell says a receiver is working on the case and repayment may be possible, but cannot explain the full expenditure; he notes the company’s history and says only a few of 76 companies established since 1970 have failed.
d'Aire na Gaeltachta cén dáta, nó na dátaí, ar íocadh deontais le comhlacht (ainm tugtha) i gContae Chorcaí.
Comment on this
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur íocadh deontais dar luach £39,920 san iomlán ar mhaithe leis an gcomhlacht sin ar dhátaí éagsúla ó 3 Iúil, 1975, go 22 Deireadh Fómhair, 1976.
Comment on this
Tá an tAire ag rá liom mar sin gur tugadh beagnach £40,000 don chomhlacht seo ó lár 1975 agus nach raibh ach 12 daoine fostaithe ann?
Comment on this
Tá an mhonarcha dúnta. An bhfuil an tAire ag rá mar sin gur caillteanas £40,000 atá i gceist?
Comment on this
Tá an glacadóir ceaptha don chomhlacht agus tá sé i mbun oibre. Ní féidir liom a rá an mbeidh aisíoc i gceist, ach sílim go mbeidh.
Comment on this
Fuair an chomhlacht £40,000 ach ar an méad is mó ní raibh fostaithe ann ach 11 nó 12 dhuine— £2,000 an duine. Ní bheadh ansin ach £30,000 le haghaidh bliain go leith. Cad a thárla don chuid eile?
Comment on this
Siúd is nach raibh ach 12 fostaithe anseo is caillteanas mór é seo agus nach ceist í nach raibh an ceart acu tosnú i dtús báire.
Comment on this
Tharla sé sin i gcás CP Teoranta ar an Cheathrú Rua, comhlacht i bhfad níos mó agus in a raibh i bhfad níos mó airgid i gceist. Tarlaíonn na rudaí seo, ach bhí mé chun a rá leis an Teachta gur bunaíodh 76 comhlachtaí nua ó 1970 agus d'éirigh go han-mháith leo agus níor theip ach ar cúpla ceann.