Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bille um Údarás na Gaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ráiteas ar an agallamh a thug sé do Radió na Gaeltachta an 18 Márta, 1977, inar thug sé cuntas ar athruithe a bheidh sa Bhille um Údarás na Gaeltachta thar mar a nocht sé don Dáil.
Comment on this
Maidir leis na forálacha sonracha a bheidh sa Bhille um Údarás na Gaeltachta níor phléigh mé go poiblí iad, ná níl i gceist agam é sin a dhéanamh, go dtí go bhfoilseofar an Bille.
Comment on this
An n-aontódh an tAire go ndeara sé cur síos anseo sa Dáil sa bhliain 1974 ar cé mar a bheadh sé maidir le hÚdarás na Gaeltachta? An nglacfadh sé go raibh sé ar an radio seachtain is an Aoine seo caite——
Comment on this
——agus gur thug sé eolas atá in aghaidh an eolais sin— gur thug sé é sin ar an radio? An bhfuil sé sin fíor nó nach bhfuil?
Comment on this
Tá script agam den mhéad adúirt mé ar an radio. Tá an transcript agam anseo. Inseóidh mé an méad adúirt mé ar Radio na Gaeltachta.