Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Offaly Hospital. Amárach closure
Summary
Tunney expressed disappointment that his question about Amárach’s closure had not been accepted and gave notice that he intended to raise it on the Adjournment. The Ceann Comhairle said he would contact him.
Ba mhaith liom a chur in iúl duit, a Cheann Comhairle, go bhfuil díomá orm nár éirigh leat ceist faoi dhúnadh síos nó bás Amárach a ghlacadh uaim ar maidin. Dá bhrí sin, ba mhaith liom fógra a thabhairt duit go bhfuil sé ar intinn agam, le cead uaitse, an cheist seo faoi Amárach agus gach a bhaineann leis a ardú ar an Athló anocht.