We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.

Gaeltacht employment in 1977

Summary

Tunney questioned the claim that up to 1,000 jobs would be created in the Gaeltacht during 1977. O'Donnell cited Gaeltarra Éireann’s building programme and an average of 500 jobs annually over the previous four years; Tunney challenged the forecast, and the Ceann Comhairle moved to the next question.

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon dealramh air go mbeidh breis fostaíochta ar fáil sa Ghaeltacht i rith 1977; agus má tá, cá mbeidh sí.

Comment on this

Is cinnte go mbeidh breis fostaíochta ar fáil ar fud na Gaeltachta i rith na bliana 1977: meastar go gcruthófar suas le 1,000 post i mbliana. Foilsíodh clár togála monarchan le déanaí agus, le cead an Cheann Comhairle, cuirfear mór thimpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an clár:

GAELTARRA ÉIREANN

FACTORY BUILDING PROGRAMME 1977

SCHEDULE 1—ADVANCE FACTORIES

GAELTARRA ÉIREANN

FACTORY BUILDING PROGRAMME 1977

SCHEDULE 2—CONSTRUCTION FOR APPROVED PROJECTS

GAELTARRA ÉIREANN

BUILDING PROGRAMME 1977

SCHEDULE 5—DEVELOPMENT AND SERVICES FOR INDUSTRIAL ESTATES

Comment on this

Tuigfidh an tAire nach dtarlóidh na postanna seo de bhrí go bhfuil an tAire ag trácht orthu. An féidir leis a rá liomsa cén cruthú atá ann go mbeidh 1,000 ann i mbliana?

Comment on this

Bíonn on-going work ar siúl i gcónaí. Ón am a thosnaíonn Gaeltarra ag lorg suíomh do mhonarcha go dtí go ndéantar forbairt ar an suíomh agus go gcuirtear na h-áiseanna go léir isteach ann, tógann an obair sin go léir cúpla bliain. Cuir i gcás b'fhéidir dhá bhliain ó shin go bhfuair Gaeltarra suíomh do mhonarcha, gur déanadh forbairt uirthi agus anois tá tionscal ar siúl sa bhfoirgneamh sin. Tá sceideal iomlán agam anseo a bhaineann le clár tógála Ghaeltarra Éireann do 1977 agus 1978, an t-am a críochnóidh an obair sin, an méad airgid agus gach rud mar sin a bhaineann le gach ceantar Ghaeltachta. Mar eolas don Teachta, tá 18 monarchana á dtógáil do thógraí atá ceadaithe. Tá 15 réamh-mhonarchana á dtógáil.

Comment on this

Tá neart páipéarachais agus figúirí ann, ach an cruthú is fearr atá againn ná nár chruthaíodh ach breis agus 500 post anuraidh. Tá an tAire ag rá go dtarlóidh sé sin i mbliana agus ag iarraidh orainn é sin a ghlacadh gan chruthúnas ceart a bheith ann.

Comment on this

Caithimid smaoin— eamh ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaeltarra Éireann le ceithre bliain anuas nuair a bhí deacrachtaí mór an domhain ag cur isteach orthu agus nuair a cuireadh 500 post ar fáil ar meán gach bliain i rith na tréimhse sin. Tá sé sin ar fheabhas ar fad. Anois nuair atá cúrsaí eacnamaíochta ag dul ar aghaidh——

Comment on this

Níl siad ag dul ar aghaidh.

Comment on this

Tá an bun-structúr ann agus tá mé cinnte——

Comment on this

De bhrí go bhfuil toghachán ag teacht——

Comment on this
Seán Treacy An Ceann Comhairle Labour Party

Ní ceart don Teachta bheith ag cur isteach. Tá mé ag dul ar aghaidh go ceist eile.

Comment on this