We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoláirí ón nGaeltacht.

agusMr. Meaney d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon bheart mór a dhéanamh ar son scoláiri ón nGaeltacht atá ag leanúint cúrsaí oideachais tríú leibhéil.

Comment on this

Is é an tAire Oideachais go príomha a chabraíonn le mic léinn ach tá cúnamh áirithe á thabhairt agamsa freisin. Mar shampla, thug mé scéim isteach cúpla bliain ó shin—an scéim scoláireachtaí do cheardcholáistí réigiúin—chun cabhrú le daltaí Gaeltachta ar mian leo cúrsaí trí Ghaeilge a dhéanamh i gceardcholáiste réigiúin. Chomh maith leis sin bíonn tairbhe le fáil ag mic léinn Ghaeltachta faoi scéimeanna eile: an deontas do labhairt na Gaeilge agus liúntas oiliúna.

Comment on this

: An mbaineann an deontas £10 seo le h-oideachas tríú leibhéil?

Comment on this

Mhínigh oifigí mo Roinne dhom gur féidir le daltaí Ghaeltachta a théann go coláistí tríú leibhéil an deontas deich bpúnt a fháil fad atá siad sna coláistí sin. Ní bhaineann sé seo go hiomlán leis an gceist a chuir an Teachta orm.

Comment on this

An féidir leis an Aire a rá cé mhéad airgid a chaitheann sé chun cúnamh a thabhairt do dhaltaí faoin scéim chun freastal ar scoileanna réigiúnach?

Comment on this

Bhí scoláireachtaí do 16 daltaí faoin scéim sin i mbliana. Níl an figiúr airgid agam.

Comment on this

Cé mhéad atá le fáil ag gach duine? Níl ach 16 acu ag fáil chúnamh ón Aire. An bhfuil sé sásta go bhfuil dóthain á dhéanamh aige maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht?

Comment on this

Ba mhaith liom a rá gur éirigh leis an scéim go h-anmhaith ó bunaoídh í. Tá na daltaí sin ag freastal ar chúrsaí staidéir ar ghnó agus tá na cáilíochtaí sin antábhachtach ó thaobh bainistíochta dhe sna monarchana agus tionscail Ghaeltachta. Sílim go mbeidh aithbhreithnú á dhéanamh ar an scéim. Ní féidir liom a rá go daingean go bhfuil an figiúr sin 16 go sásúil.

Comment on this

An nglacfaidh an tAire uaim nach mbeidh aon chaoi ceart ar an nGaeltacht go dtí go mbeidh neart paístí ón nGaeltacht agus oideachas tríú leibhéil acu agus iad ag gníomhú sa Ghaeltacht ar son muintir na nGaeltachta?

Comment on this

Chomh fada agus is cuimhin liom, nuair a bunaíodh an scéim seo, cuireadh ar fáil í do gach coláiste réigiúnach ach níor ghlac aon duine í ach an coláiste réigiúnach i nGaillimh.

Comment on this

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil teora ioncaim maidir le tuismitheoirí faoin scéim sin?

Comment on this

Níl mé cinnte ach chomh fada is a thuigim níl.

Comment on this