We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

d'Aire na Gaeltachta cén chúis atá leis an moill a bhaineann le hÚdarás Gaeltachta a bhunú.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní eol dom cén chúis a bhí leis an moill a tharla sna blianta 1973 go 1977. Faoi láthair is amhlaidh atáim i gcomhairle le hAirí eile i dtaobh pointí áirithe agus, nuair a bheimid sásta, cuirfear Bille os comhair na Dála. Ansin beidh deis ag Teachtaí an scéal ar fad a phlé agus beidh mé ag súil le comhoibriú uathu chun an Bille a rith.

Comment on this

D'fhreagair an tAire ceist faoi 1973 go 1977. Chuir mise ceist air faoi 1978. Dúirt an tAire liom go raibh sé beartaithe aige an Bille seo a thabhairt isteach roimh an Cháisc. Cén fáth nach bhfuil an Bille os comhair na Dála anois, go mór mhór nuair adúirt an Taoiseach ar an teilifís go raibh sé beartaithe ag an Rialtas an tUdarás a bhunú láithreach. Cad is lirí leis an mhoill?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

D'fhiafraigh an Teachta céard a choinnigh siar Bille an Údaráis agus thug mé freagra. Ní dúirt mé go dtabharfaí isteach é roimh an Cháisc. Má théann sé siar go dtí an freagra a thug mé ar an 23 Feabhra dúirt mé: "Tá mé ag súil go mbeidh sé os comhair na Dála roimh Cháisc".

Comment on this

Dúirt an tAire go raibh sé beartaithe——

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níor thug mé aon gheallúint——

Comment on this

Dúirt sé go raibh sé beartaithe aige an Bille a thabhairt isteach roimh an Cháisc. Fiafraím de anois an bhfuil sé beartaithe aige an Bille a thabhairt isteach roimh an samhradh.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Dúirt mé go raibh súil agam go dtabharfainn isteach é roimh an Cháise. Ní dúirt mé go dtabharfainn isteach roimh an Cháisc é. Bhí mé ag súil leis, agus mhínigh mé san fhreagra a thug mé ar dtús go raibh mé ag plé le hAirí eile maidir leis an Bille a chur os comhair na Dála agus nuair a bheadh sé sin pléite againn agus nuair a bhéimis reidh chun teacht os comhair na Dála, go dtiocfaimid isteach leis an mBille.

Comment on this

An n-abroídh an tAire leis an Teach cathain a bhfuil sé beartaithe an Bille a thabhairt isteach, toisc gur thug sé geallúint do gach duine go raibh sé beartaithe é a thabhairt isteach láithreach?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Thugamar geallúint go mbeadh an Bille tugtha isteach roimh dheireadh mhí Mheithimh agus seasaimid leis an ngeallúint sin.

Comment on this

An mbeidh an Bille againn an bhliain seo in aon chor?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Seasaimid leis an ngeallúint a thugamar.

Comment on this

An bhfuil an tAire in ann a rá go bhfuil cumhacht aige Údarás daonfhlathach a thabhairt isteach?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tig linn é sin a phlé nuair a chuirfear an Bille os comhair na Dála.

Comment on this

Sin í an cheist. Beidh mickey-mouse Údarás ann, mar a dúradh cheana.

Comment on this

An mbeidh níos mó fiacla ag an Údarás seachas mar a bhí ag Bord na Gaeilge?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Céard atá i gceist ag an Teachta nuair a deireann sé "fiacla"?

Comment on this

Smacht ar an rud atá i dteideal bheith faoin a gcúram.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ar a laghad, táimid ag tabhairt isteach Bille, rud nar éirigh leis an iar-Rialtas a dhéanamh, cé gur gheall siad é ar feadh ceithre bliana go leith.

Comment on this

Duirt an tAire go dtabharfaí isteach roimh an Cháisc é, ach níor tháinig sé.

Comment on this