We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Erbil Teoranta.

Erbil Teoranta factory and inquiry

Summary

Begley sought a public inquiry into Erbil Teoranta and alleged that equipment from its former fish-processing factory was removed without public tender. Gallagher said no inquiry was planned, challenged Begley to substantiate the allegations and demanded he withdraw a personal charge; Begley withdrew it against the Minister but maintained he would make his claims at an inquiry. No inquiry was agreed to.

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé beartaithe aige go ndéanfaí fiosrúchán poiblí i dtaobh Erbil Teoranta.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl sé sin beartaithe agam ach, más mian leis an Teachta a léiriú dom cén fáth a mbeadh gá lena leithéid, dar leis, déanfaidh mé tuilleadh fiafraithe.

Comment on this

Cuireann sé brón orm nach bhfuil an tAire in ann freagra ceart a thabhairt dom.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil ón Teachta faoin chomhlacht féin beidh mé in ann an t-eolas a thabhairt dó. Tá imeachtaí an chomhlachta le fáil i dtuarascáil Ghaeltarra, 1977. Tá an t-eolas ansin go bhfuil 28 faoin gcéad scaireanna ag Gaeltarra sa chomhlacht, agus tá cur síos ar an obair atá déanta agus dá dhéanamh acu ansin. Bhíodh Erbil Teo. ag gabháil do phróiseáil éisc tráth agus b'fhéidir go mbaineann an cheist leis an monarcha nach bhfuil aon phróiseáil ar siúl inti le tamall. Fuair Gaeltarra seilbh na monarchan sin i mí Márta 1976 tar éis i a cheannach ó Erbil. Ligeadh ar cíos í le cúpla comhlacht eile: Rón Geal Teo. a d'éirigh as próiseáil inti i mí Feabhra 1977, agus Kingdom Sea Foods a d'éirigh as próiseáil inti i mí Aibreáin 1978. Tá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag súil le próiseáil ghlasraí a chur ar siúl sa mhonarcha agus tá togra uathu á bhreithniú ag Gaeltarra. An bhfuil an t-ainm ceart luaite ag an Teachta? An mbeadh sé ag smaoineamh ar EMA Teo. a fuair a lán poiblíochta cúpla mí ó shin nuair a d'imigh sé as gnó gan aon earraí a chur ar an margadh? Má tá féin, d'oirfeadh an freagra dó chomh maith.

Comment on this

I will ask my supplementary in English. Is this the first time that Gaeltarra Eireann have allowed a fish processing factory to be looted and the equipment sold out without advertising for public tenders?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Abair é sin arís.

Comment on this

Is this the first time that Gaeltarra Éireann have allowed a factory to be looted and the equipment to be sold without being put out to public tender?

Comment on this
Joseph Brennan An Ceann Comhairle Fianna Fáil

Is ceist eile í sin.

Comment on this

I am talking about Erbil Teoranta. I am asking for a public inquiry. This is public money squandered.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl aon eolas agam ar an rud atá ráite ag an Teachta. Más rud é go sílimse go bhfuil gá le fiosrú a dhéanamh ar a leithéidí sin—sé an rud atá ráite ag an Teachta gur thoiligh Gaeltarra go rachadh daoine isteach ansin agus na h-innill a thógáil amach as an áit——

Comment on this

That is what I am saying.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Sin rud atá andian ar fad ar Ghaeltarra agus ba mhaith liom go ndéarfadh an Teachta é sin taobh amuigh den Teach seo, má tá an t-eolas sin aige.

Comment on this

I am now asking the Minister publicly why did not Gaeltarra Éireann advertise in the daily press or put the equipment up for auction? Why should every Tom, Dick and Harry, even from County Mayo, have come down to Kerry to take away lorry loads of stuff out of the factory?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní hé sin an rud adúirt an Teachta ar dtús. Dúirt sé gur oscail siad an áit agus gur lig siad do dhaoine dul isteach agus na h-innill a thógáil amach as. Má tá an Teachta sásta rud mar sin a rá anseo, abradh sé taobh amuigh den Teach é.

Comment on this

The Minister has an obligation to have a public inquiry——

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Más fear an Teachta agus má tá de mhisneach aige rud mar sin a rá anseo, abradh sé taobh amuigh den Teach é.

Comment on this

I will say it at a public inquiry.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tabhair na h-ainmneacha dúinn.

Comment on this

The Minister is not doing anything about it.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá an Teachta tar éis cur im leith go raibh cuid de mo cháirde a fuair stoc as an monarchan sin sa Daingean——

Comment on this

I am saying I am completely dissatisfied. I am talking about some Fianna Fáil supporters who took away this equipment——

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Dúirt an Teachta go raibh cáirde liomsa a chuaigh go dtí an Daingean agus a thug innill amach as an monarchan.

Comment on this

I said "maybe".

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Is é an rud céanna é. Níl mise ag dul ag cur suas le rudaí mar sin agus tá mé ag iarraidh ar an Teachta an rud sin a tharraingt siar.

Comment on this

I will say so, I will say what I have to say at a public inquiry.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl mise le dul ag freagairt aon cheist aige go dtar-raingeoidh an Teachta siar an rud atá ráite aige—go ndeachaigh cuid de mo cháirde síos go dtí an mhonarcha sin agus gur thóg siad innill amach as.

Comment on this
Joseph Brennan An Ceann Comhairle Fianna Fáil

The Deputy made a personal charge against the Minister.

Comment on this

I am sorry that the Minister is taking it personally, but I am making the statement and I am prepared to make it at a public inquiry, if the Minister will hold such an inquiry.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Dúirt sé go ndeachaigh cáirde liomsa síos go dtí an mhonarcha agus gur thóg siad innill amach as an áit sin. An bhfuil sé ag seasamh leis sin?

Comment on this
Joseph Brennan An Ceann Comhairle Fianna Fáil

Is the Deputy withdrawing the statement?

Comment on this

I am withdrawing it against the Minister but I would state what I have said at the public inquiry.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá an cleasaíocht céanna ar siúl ag an Teachta agus a bhíonns ar siúl aige i gcónaí.

Comment on this