Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Deontas.
asked the Minister for the Gaeltacht if INTO has contacted his Department about the £10 deontas and the examination of pupils for same; and if he will make a statement on the matter.
Comment on this
Ní bhfuair mo Roinnse aon scéal ó Chumann Múinteoirí Náisiúnta na hÉireann i dtaobh an ghnó sin.
Comment on this
An bhfuil fhios ag an Aire gur ghlac an chmhdháil i gCill Áirne le déanaí rún nach nglacfaí páirt i scéim an £10 deontas as seo amach? An bhfuil fhios ag an Aire gur ghlac na múinteoirí leis an rún sin?
Comment on this
Ó cuireadh an scéim ar bun bhí comhoibriú le fáil ó na múinteoiri náisiúnta sna scoileanna maidir leis an scéim féin. Ach le cúpla bliain anuas is iad oifigí Roinn na Gaeltachta atá ag cur na páistí faoi scrúdú agus ní hiad na cigirí scoile mar a bhí an scéal san am atá caite. Ní bhfuaireamar aon ráiteas nó aon scéal ó na múinteoirí faoin cheist sin.