Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Toghadh Údarás na Gaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta cathain atá beartaithe aige toghadh Údarás na Gaeltachta a sheoladh.
16.
Comment on this
asked the Minister for the Gaeltacht when the elections for members of Údarás na Gaeltachta will be held.
Comment on this
Le cead an Cheann Comhairle, tógfaidh mé Ceisteanna 15 agus 16 le chéile. Tá beartaithe agam an chéad toghchán a chur ar siúl roimh dheireadh na bliana seo.
Comment on this
An bhfuil an tAire ábalta geallúint a thabhairt don Tigh seo, go mór mhór dos na páirtithe polaitíochta go mbeidh breis is sé seachtaine am againn chun ullmhú le haghaidh na toghchán sin?
Comment on this
Rud amháin atáag coinneáil siar ceist na dtoghchán agus an dáta a shocrú go fóill, is é sin, go bhfuil rialacháin a chaithfear a chur os comhair an Tí seo le cead a fháil dul chun cainte le rúnaithe na gcomhairle chontae maidir le leagan amach na dtoghchán. Tá an dréacht leagan amach le socrú ag an Roinn Comhshaoil. Bhí síad sin anghnóthach le tamall beag ó tharla na toghcháin a bheith ar siúl agus mar sin de, agus nior éirigh leo na rialacháin seo a réiteach. Más féidir linn iad a chur os comhair an Tí sul má bhíonn an sos againn, beimid in ann an dáta a shocrú chomh luath agus is féidir i gcomhair na dtoghchán. Sin an t-aon deacracht amháin atá ann i láthair na huaire.
Comment on this
An mbeidh an tAire ábalta geallúint a thabhairt don Tigh go mbeidh a dhóthain ama againn chun ullmhú i gcomhair na dtoghchán céanna, nó an bhfuil sé ar intinn ag an Aire gan toghcháin a bheith ann in aon chor i mbliana?
Comment on this
Tá mé ag tabhairt geallúint go mbeidh siad ann i mbliana, agus sin an t-aon rud amháin atá ár gcoinneáil siar i láthair na huaire, na dréacht rialacháin a bhaineann leis an toghchán a réiteach. Más féidir é sin a bheith againn roimh an sos, beimid in ann an dáta a shocrú. Tá mé cinnte go mbeidh dóthain fógraíochta le fáil i gcomhair na dtoghchán féin.
Comment on this
An bhfuil an tAire in ann insint don Tigh cén fáth an mhoill leis na rialacháin céanna a thabhairt os comhair an Tí, má tá an Bille tar éis dul trí an Dáil agus an Seanad le breis is——
Comment on this
Bhí na reifrinn agus go leor oibre eile i Roinn an Chomhshaoil. Is cosúil nach bhfuil an oiread sin daoine leis an scéal a réiteach, agus sin an deacracht atá ann.
Comment on this
An bhfuil an tAire ag rá leis an Tí anois go bhfuil argóint ar siúl idir an Roinn Comhshaoil agus Roinn na Gaeltachta?
Comment on this
Cathain a d'iarraidh an tAire ar an Roinn Comhshaoil na rialacháin a chur os a chomhair?
Comment on this
Mar a dúirt mé, baineann sé leis na dréachtóirí, na daoine atá ag plé leis na cúrsaí sin san Roinn Comhshaoil, agus mar atá fhios ag an Teachta agus ag chuile dhuine anseo tá go leor oibre ag na hoifigigh san Roinn sin. Sin an fáth go bhfuil moill ann.
Comment on this
Bhfuil an tAire ag rá anois nach bhfuil suim ag an Roinn Comhsaoil i muintir na Gaeltachta?