Údarás industrial policy
O’Toole asked whether Údarás na Gaeltachta had changed Gaeltarra’s industrial policy. The Minister said there had been no policy change, though Gaeltacht residents’ greater involvement could improve understanding of local needs; she was open to changes, but none were proposed.
An bhfuil aon athrú polasaí ann anois i leith tionsclaíochta ó tháining an tÚdarás i réim agus a bhí ag Gaeltarra nuair a bhí siad i gcumhacht i leith tionsclaíochta.
Comment on this
Ní dóigh liom go mbeadh athrú polasaí ann. B'fhéidir go mbeadh athru meoin ann mar anois don chéad uair go bhfuil muintir na Gaeltachta ag plé le bord nó ar an mbord agus ag plé le foireann an Údaráis agus go dtuigfeadh siad sin níos fearr ná mar a thuigfeadh aoinne eile na fadhbanna faoi leith atá ag áiteacha faoi leith sna Gaeltachtaí.
Comment on this
An bhfuil an tAire sásta glacadh le moltaí ón Údarás i leith athruithe polasaí sna Gaeltachtaí má thagann a leithéid chuici?.