Údarás and IDA cooperation
O’Toole asked whether the industrial authorities compete for investment. The Minister said cooperation is strong, despite some competition to attract industries, and that the agencies work together in Ireland and abroad.
Cén comhoibriú atá idir an Údarás agus an IDA maidir le forbairt tionsclaíochta sa tír ar fad? Mar a fheicimse é, tá an IDA ag iarraidh tionscail a chur ar bun in áiteanna eile agus tá an tÚdarás ag iarraidh, ar ndóigh, tionscail a chur ar bun san nGaeltacht. An bhfuil coimhlint idir an dá thaobh agus, má tá, cén réiteach atá ag an Aire ar an fhadhb seo?
Comment on this
Tá comhoibriú an-mhaith le fáil idir Údarás na Gaeltachta agus an Údarás Forbartha Tionsclaíochta agus tá, mar atá fhios ag an Teachta, baill den Údarás sin ina bhall de bhord Údarás na Gaeltachta. Bíonn coimhlint ann mar a bheadh le haon dhá dhream a bheadh ag iarraidh tionscail a mhealladh don tír seo. Chomh fada agus is féidir bíonn lán comhoibriú idir an dá eagraíocht thar lear agus síos tríd an tír féin.