We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Ghaeltachta.

asked the Minister for the Gaeltacht the total number of school children attending schools in the Donegal, Galway and Kerry Gaeltachts, and the number in each Gaeltacht who received the deontas in the 1979 school year.

Comment on this
Máire Geoghegan-Quinn Aire na Gaeltachta (Mrs. Geoghegan-Quinn) Fianna Fáil

Is mar seo a leanas atá líon na ndaltai sna contaetha atá i gceist a bhfuil an deontas £10 ioctha ina leith don scoilbhliain 1978-79: 2,324 i gCo. Dhún na nGall; 2,638 i gCo na Gaillimhe, agus 872 i gCo. Chiarrai.

Tá scoileanna de gach uile chineál san áireamh agus tá roinnt bheag iarratas le glanadh go fóill don scoilbhliain sin.

Is ag an Aire Oideachais atá an t-eolas maidir le lion na ndaltai a bhi ag freastal ar na scoileanna.

63.

Comment on this

asked the Minister for the Gaeltacht if she has satisfied herself that the £10 deontas for each child in 1980 is adequate to encourage children to speak Irish, and if she will consider increasing this to £100 per child.

Comment on this

Táim sásta go spreagann an deontais £10 daoine chun an Ghaeilge a labhairt agus nil i gceist an deontas a mhéadú faoi láthair.

Comment on this

An bhfuil eolas ag an Aire cathain a raibh an t-ardú is déanai ar an deontas seo agus an bhfuil an tAire sásta le leibhéal an deontais faoi láthair?

Comment on this

Nuair a smaoiníonn mé ar na cúrsaí práinneacha eile a bhfuil airgead as ciste an Stáit le caitheamh orthu, níl mé sásta gur ceart dúinn iarratais a dhéanamh ag an am seo an deontas a ardú fiú amháin go £20. I 1964-65 a deineadh an t-ardú ó £5 go £10.

64. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta cén deontas atá le hioc ag a Roinn leis an bpobal in Each Léim, Béal an Mhuirthead, i leith athnuachan an halla pobail ansin.

Comment on this

Is le fiordhéanai a fuarthas sonraí áirithe a bhí á lorg ag mo Roinnse agus tá an cás á bhreithniú faoi láthair.

Comment on this

Cathain a bheidh cinneadh againn faoin gceist seo?

Comment on this

Níl a fhios agam mar, mar adúirt mé, fuaireamar meastacháin chostais i mi Dheireadh Fómhair 1979 ach ni raibh sonraí áirithe faighte ó ailtire nó ó aon duine eile. Chuireamar fios ar na sonraí éagsúla a bhí ag teastáil uainn agus ní bhfuaireamar iad sin gur chas mise leis an gcoiste pobail san Each Léim ar an 30ú lá den mhi seo caite. Táimid ag breithniú an cháis faoi láthair agus ar a bpointe agus a bhéas an t-eolas ar fad feicthe agus pléite, déanfaimid cinneadh.

Comment on this

An measann an tAire go bhfuil sé tuillte acu ansin?

Comment on this

Níl a fhios agam an bhfuil sé tuillte fós go dti go mbraithneomíd ar an gcás.

Comment on this