We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written Answers . - Fostaíocht sa Ghaeltacht .

d'Aire na Gaeltachta cad é líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i bhfiontair a fuair cabhair deontais ó Ghaeltarra Éireann nó ó Údarás na Gaeltachta: (a) an 31 Nollaig, 1972, (b) an 31 Nollaig, 1977 agus (c) an 20 Deireadh Fómhair, 1980.

Comment on this
Máire Geoghegan-Quinn Aire na Gaeltachta (Mrs. Geoghegan-Quinn) Fianna Fáil

: Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur mar seo a leanas a bhí an fhostaíocht sin:— 1,857 ar 31 Nollaig 1972; 4,213 ar 31 Nollaig 1977; agus 4,431 ar 30 Meitheamh 1980. Níl eolas ar fáil faoin bhfostaíocht ar 20 Deireadh Fómhair 1980 ó thárla gur i dtús agus i lár na bliana a bhailítear é.

Comment on this