Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Factories.
asked the Minister for the Gaeltacht the number of factories that (a) have closed and (b) were on short-time in the Gaeltacht from August 1977 to 1 February 1981.
Comment on this
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur tháinig deireadh sa tréimhse a luaitear le 32 thionscal—miontionscail a bhformhór—a bhí ar siúl i bhfoirgnimh ar cíos ó Ghaeltarra Éireann nó Údarás na Gaeltachta nó i bhfoirgnimh ar íoc Gaeltarra nó an tÚdarás deontais ina leith. Tuigim freisin go bhfuil tionscail nó gnóthaí eile ar siúl anois i 13 de na foirgnimh sin, go bhfuil tograí ceadaithe do cúig cinn agus go bhfuil tograí á bplé nó á lorg do na cinn eile ar fad.
Seachas na tionscail ar tháinig deireadh leo tuigim ón Údarás go raibh naoi gcinn eile ina raibh scaireanna ag Gaeltarra nó ag an Údarás ar páirtaimsir uair éigin sa tréimhse a luaitear agus go bhfuil ocht gcinn acusan ag obair go lánaimseartha faoi láthair: ní bhailítear eolas mar sin i gcásanna nach raibh scaireanna ag Gaeltarra nó ag an Údarás iontu.
Comment on this
An féidir leis an Aire a rá liom cé mhéid airgid a chiall Udarás na Gaeltachta sna monarchana atá dúnta le ceithre bliain anuas?
Comment on this
Má bhraithníonn an Teachta ar an cheist a cuireadh feicfidh sé nach bhfuil focal ar bith faoi chúrsaí airgid. Tuigeann sé má tá eolas á iarraidh aige faoi chúrsaí airgid, gur ceart dó ceist dá réir a bhreacadh síos.
Comment on this
Ní scannraítear mise ríamh. Níl aon eagla ormsa roimh an fhírinne. A Cheann Comhairle, feicfidh tú ón cheist nach luaitear an focal "airgead" ann ar chor ar bith.
Comment on this
An n-aontaíonn an tAire go bhfuil 32 mhonarcha caillte sna Gaeltachtaí ó tháinig Fianna Fáil isteach?
Comment on this
De réir dealraimh, ní raibh an Teachta ag éisteacht nó más rud é go raibh, ní theastaíonn uaidh an fhírinne a chloisint. Dúirt mé, ceart go leor, gur dúnadh 32 ach dúirt mé leis faoin méid sin gur osclaíodh nó go bhfuil gnó ar siúl i 13 acu faoi láthair, go bhfuil siad ag obair ar ghno nó tionscal a chur ar siúl i gcás cúig cinn acu, agus tá mé ag ceapadh go mbeidh siad in ann an rud céanna a dhéanamh maidir leis an fuíollach.
Comment on this
Deir an tAire go bhfuil 13 mhonarcha breise tar éis teacht isteach sna Gaeltachtaí. An bhfuil sé ábálta na hainmneacha a luadh? Tabhair na hainmneacha dom? Léigh amach iad.
Comment on this
Tá an tAire ag cur dallamullóg ar na daoine. Níl na monarchana ann. Tabhair na hainmneacha dom.