Leaving Certificate Irish syllabus
Gallagher raised teachers’ concerns about changes to the honours Irish syllabus, including requiring students to recite poems from memory. Boland said the Department had received complaints and suggestions, the syllabus committee had agreed on amendments to examination papers, and a new circular was being sent to schools; the Chair then moved the House on to Question 17 despite Wilson’s request for another supplementary.
den Aire Oideachais an bhfuil sé ar eolas aige go bhfuil míshástacht ar thuismitheoirí, mic léinn agus múinteoirí le clár Gaeilge na hArd-Teistiméarachta i mbliana; agus an mbeadh sé sásta dul i gcomhairle leo le hahbhreithniú a dhéanamh air.
Comment on this
Níl sé ar eolas agam go bhfuil míshástacht ann faoi chlár Gaeilge na hArdteistiméireachta don bhliain seo. Dá bhrí sin ní éiríonn an dara cuid den cheist.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil na múinteoirí ag clamhsán faoi rudaí airithe atá sa chlár le haghaidh onóracha san árd teastas i mbliana? Tá sé i gceist anois go gcuirfeadh na pístí dánta de ghlan mheabhar agus tá sé seo ag cloí le rud a tharla scaitheamh maith ó shin. Tá athrú bunúsach sa leagan-amach atá sa chlár i mbliana agus fuair mise cuid mhaith gearán ó mhúinteoirí i ngeall air sin. Dúirt sé san bhfreagra nach bhfuair sé gearán ar bith mar gheall ar sin. Má fhaigheann sé gearán an bhfuil sé i gceist ag an Aire é a scrú, nó rud ar bith a dhéanamh faoi?
Comment on this
Fuair an Roinn roinnt moltaí agus gearán Mean Fomhair seo caite i leith an chláir. Bhí gearáin agus moltaí ag cruinniú faoi leith den choiste síollabais a tionóladh i Mí na Samhna seo caite agus tá leasuithe áirithe á ndéanamh ar na páipeir scrúdaithe atá ann faoi láthair. Tháinig an coiste le chéile arís i dtús Mí na Nollag chun na leasuithe a fheidhmiú, agus tá imlitir nua á cur chuig na scoileanna i lathair.