Árainn Mhór ferry service
The ferry can begin limited service when the island co-operative wishes; full service awaits completion of marine works, expected this year.
d'Aire na Gaeltachta cén uair a bheidh bád farantóireachta Árainn Mhór ag dul i mbun seirbhíse.
Comment on this
Is féidir feidhm theoranta a bhaint as an mbád sin aon uair is mian le Comharchumann Oileán Árainn Mhór tús a chur leis an tseirbhís ach ní féidir lánúsáid a bhaint as go dtí go gcríochnófar na muiroibreacha atá á ndéanamh ag Ailt an Chorráin agus ag an Léab Garbh. Tá súil agam go gcríochnófar na hoibreacha sin i mbliana—ar chostas de bhreis ar £400,000 atá á chur ar fáil trí mo Roinnse.