We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Sea Rod Exports.

Sea rod exports and local processing

Summary

Higgins warned that exporting sea rods unprocessed would end local processing in Connemara and send the industry’s added value elsewhere. Flynn said production changes meant rods had to be exported directly, while Arramara would buy all available rods at higher prices; he emphasized improved earnings for collectors and noted processing had employed only two people seasonally.

asked the Minister for the Gaeltacht if he is aware that it was proposed to export sea rods, without any processing whatsoever, at the end of May, 1982, that this is one of the most valuable raw materials this country possesses, that there is concern that, once exported in their raw state, it is most unlikely that a processing plant will ever be re-established in this country and that this will inevitably result in a loss of revenue and a huge loss of jobs in the Connemara area; and if he will make a statement on the matter.

Comment on this

Tuigim ó Arramara Teoranta go bhfuiltear tar éis an praghas a thugtar ar shlata mara a mhéadú go mór an geimhreadh seo caite agus go bhfuiltear sásta na slata uile a bhíonn ar fáil a cheannach. Dá réir sin is amhlaidh atá feabhas tagtha ar an scéal ó thaobh bailitheoirí na slata. Le tamall anuas bhíodh na slata á meilt ina min i gContae Dhún na nGall agus bhí fostaíocht shéasúrach do bheirt ar an obair sin. Níl aon mhargadh don mhin anois, áfach, ó tharla go bhfuil athruithe teicniúla tagtha ar an bpróiseas táirgeachta d'ailgionáití i gcaoi go gcuirtear na slata féin díreach isteach sa phróiseas.

Ní miste a lua gur feamainn bhuí is mó a bhíonn á ceannach ag Arramara Teoranta agus go bhfuil sí sin á meilt ina min i gcónaí i gConamara agus i gContae Dhún na nGall.

Comment on this

Bhain an cheist leis an ghné próiseasála den tionscal; ní raibh mé ag caint, beag nó mór, faoin méadú san méid feamainne atá á bailiú faoi láthair. An dtuigeann an tAire go bhfuil an chuid is mó den luach breise atá á thuilleamh san tionscal ag teacht ón ghné próiseasála de agus nach mbeidh aon ghné próiseasála ann amach anseo má ghlacann sé leis an rún an tionscal a dhúnadh síos agus, chun an fhírinne a rá, an chuid is mó den luach a chur go hAlbain.

Comment on this

Tá athrú tagtha ar an chóras próiseasála agus caithfear na slataí a onmhairiú.

Comment on this

Nach nglacfaidh an tAire nach athruithe teicniúla atá taréis teacht ach athruithe ar chúrsaí an mhargaidh, is é sin an monoplacht atá ag comhlacht san Albain anois, agus go bhfuil monarcha a raibh traidisiún ag baint leis san Ghaeltacht ag fáil bháis?

Comment on this

Tá laghdú tagaithe ar an méid slataí atá fáil thar timpeall na gcóstaí. Tá cúrsaí taoide agus cúrsaí aimsire ag baint leis an méid atá ag teastáil. Ach caithfidh mé a chur in iúl don Teachta go bhfuil méadú mór tagtha ar an méid a íoctar in aghaidh an tonna do na slataí agus sin an rud is tabhachtaí dar liomsa, faoi láthair.

Comment on this

Nach é an luach atá ag teacht ón tionscal seo dos na gnáth daoine an rud tábhachtach? Beidh siad ag brath ar bhailiú feamainne trí obair láimhe nó trí úsáid as asail, ach ní bheidh an luach is mó atá le tuilleamh ón tionscal ag dul dos na ceantair Ghaeltachta toisc nach mbeidh, amach anseo, aon tionscal próiseasála i leith na feamainne seo ar fáil san Ghaeltacht.

Comment on this

Ni raibh ach beirt duine fostaithe ar an obair seo ar fad. Tá géarghá leis na slataí seo agus tá Arramara Teoranta sásta iad go léir a cheannach agus a onmhairiú thar ceann na daoine atá fostaithe go páirt-aimsearach. Caithfidh mé a chur in iúl don Teachta freisin gur méadaíodh go mór ar an méid tonnaí a bailíodh anuraidh, timpeall 745 tonnaí, agus ní raibh ann ach 207 tonnaí sa bhliain roimhe sin. Tá teacht isteach i bhfad níos mó ag na bailitheoirí faoi láthair agus tá Arramara lán tsásta na tonnaí go léir a cheannach ó na bailitheoirí freisin.

(Cur isteach.)

Comment on this