Irish Language Action Plan and Funding
Fahey questioned what the Government would do to halt the decline of spoken Irish, including funding the action plan and giving greater weight to spoken Irish in school examinations. O’Toole said the Government had accepted the plan, with some measures already under way and education proposals agreed, but implementation would depend on available resources and changing public attitudes; he confirmed no extra funding was included in the 1983 estimates and said he would seek funds as the plan became ready to implement.
d'Aire na Gaeltachta cé na moltaí atá aige chun stop a chur le meath na teanga agus cén gníomh atá bearthaithe aige a dhéanamh chun go gcuirfí eolas níos fearr ar an teanga agus go n-úsáidfí í mar theanga labhartha i measc na ndaoine.
Comment on this
: Foilsíodh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge le déanaí agus tá súil agam go mbeidh tacaíocht an phobail ar fáil lena chur i bhfeidhm.
Comment on this
: Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an tAire chun an airgead atá ag teastáil chun an plean seo a chur i bhfeidhm a thabhairt do Bhord na Gaeilge? Tá a fhios agam faoin plean seo ach is é an cheist atá agam ná céard atá á dhéanamh ag an Aire agus an Roinn faoi meath na teanga labhartha faoi láthair?
Comment on this
: Is plean Rialtais é seo a chuir Bord na Gaeilge le chéile. Ghlac an Rialtas leis agus dúirt siad go gcaithfear é a chur i bhfeidhm de réir mar a bhí an t-airgead ann chun é a chur i bhfeidhm. Ghlac Bord na Gaeilge leis sin agus sin é an tuiscint atá ann. Tá a lán rudaí, mar a dúradh agus mar a ghlactar leis ag Bord na Gaeilge gur féidir a chur i bhfeidhm gan airgead ar bith nó gan ach suim bheag airgid a chaitheamh agus tá aghaidh á thabhairt acu ar an obair sin láithreach.
Comment on this
: Tá milliún punt ag teastáil ag an Bord chun an plean seo a chur i bhfeidhm agus muna bhfuil an t-airgead le fáil ó Roinn na-Gaeltachta ní mórán maitheasa an phlean seo a thógaint amach. Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire an mbeadh sé sásta dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais i gcaoi is go dtabharfaí níos mó tábhachta don teanga labhartha sna scrúduithe poiblí — na béal scrúduaithe, mar shampla — i gcaoi is go mbeadh níos mó béime nó níos mó cúitimh le fáil ag daltaí a bhfuil eolas maith acu ar an teanga labhartha?
Comment on this
: Is cosúil nár léigh an Teachta tuarascáil an phlean seo ar fad mar dá léadh sé é bheadh a fhios aige faoi cheist an oideachais. Tá an méid atá ann aontaithe roimhré leis an Roinn Oideachais. Bhí idir-bheartaíocht ann le sé mhí anuas agus pé rud atá ann gur féidir a chur i gcrích tá sé aontaithe cheana féin.
Comment on this
: Tá a fhios agam faoi sin ach níl an cúiteamh atá mé ag tagairt faoi le fáil as seo amach, mar shampla, san Meánteist no san Ardteist. Sílim go mba chóir go mbeadh an bhéim san áit seo i gcaoi is go mbeadh úsáid níos fearr bainte as an teanga sna scoileanna.
Comment on this
: Tá dhá rud i gceist. Tá athrú ar mheon na ndaoine agus na háiseanna atá ar fáil a chuideodh leo an mheon sin a bheith acu. Ní ceist airgid go bunúsach é seo. Má táthar le híoc ar chuile rud le spreagadh a chur ar fáil ní dóigh liom go n-éireoidh leis an rud seo. Caithfear meon na ndaoine i leith na Gaeilge a athrú. Beidh spreaguithe ar fáil ach is ceist é cé mhéad agus cé'n chaoi is fearr. Tiocfaidh sé seo amach mar beidh idir-bheartaíocht idir na daoine go bhfuil baint acu leis an bplean seo as seo amach leis an rud a chur i gcrích.
Comment on this
: Nuair a foilsítear plean nach plean, cur i gcás, Roinn faoi leith Rialtais atá i gceist ach plean Rialtais féin, nach bhfuil sé fíor nuair atá airgead riachtanach leis an phlean sin a chur i gcrích go gcuirtear airgead speisialta de bhreis ar an airgead atá i Meastachán na Roinne ar fáil chun an phlean a chur i gcrích, agus má tá sé sin fíor nach bhfuil féaráilte a cheapadh é nó bheith ag súil go gcuirfí ar fáil ón Rialtas pé roinnt airgid a bhéas riachtanach i mbliana chun an chuid sin den phlean a chur ar bun agus a thabhairt chun críche?
Comment on this
: Bhí a fhios ag an Rialtas ina raibh an Teachta páirteach go mbeadh an plean seo ann i mbliana ach níor cuireadh pingin nua breise ar fáil i Meastachán na bliana 1983.
Comment on this
: Dúirt mise gur plean Rialtais a bhí ann agus dá mbeadh £1 milliún agam ar an nóiméad seo ní fhéadfaí é a chaitheamh i gceart agus ní fhéadfaí luach ár gcuid airgid a fháil mar níl na rudaí curtha ar bun againn go mba cheart a bheith ann le feidhm a bhaint as an airgead.
Comment on this
: Nuair a bhéas an t-airgead riachtanach chun an phlean más i mbliana nó i gceann trí bliana, an mbeidh airgead sa bhreis ar Mheastachán na Roinne don bhliain sin ar fáil chun an plean a chur i gcrích.