Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Deontas Tithíochta .
d'Aire na Gaeltachta cén fáth nach bhfuil sé sásta deontas tithíochta a chur ar fáil do dhuine (tugadh na sonraí) i gContae Mhaigh Eo.
Comment on this
: Mar is eol don Aire bíonn go han-mhinic ar dhaoine sna ceantracha seo dul trasna chun tuarastal maireachtála a fháil agus sin é an cás atá i gceist anseo. Mo dhuine anois tá sé ina ghnáth-chónaí sa Ghaeltacht agus Gaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh. Cén fáth nach mbeadh an tAire sásta an deontas seo a thabhairt do dhaoine mar seo. An féidir leis an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal? Tá sé ceadaithe faoi na rialacha.
Comment on this
: Ba chóir don Aire athrú a dhéanamh ar an scéal mar sin. Tá na cinnidh seo ag obair in aghaidh na teanga agus mhuintir na nGaeltachtaí atá sásta fanacht iontu. Cén fáth nach bhfuil an tAire in ann an t-athrú sin a dhéanamh——
Comment on this
: Ba mhaith liom an cheist sin a fhreagairt. Cuireadh an cheist chéanna ar an Teachta Flynn, an raibh seisean sásta na rialacha a athrú agus dúirt sé nach raibh, ach tá seisean ag iarraidh ormsa anois na rialacha a leasú.
Comment on this
: Ní an fhírinne i gceart é sin. Dúirt mé go raibh orm athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal iomlán maidir le cúrsaí tithíochta na Gaeltachta agus bhí sé ar intinn agam. Ní raibh an duine seo as láthair an t-am ar fad. Bhí sé ag teacht agus ag imeacht go dtí Sasana chun slí mhaireachtála a fháil. Tá an job a bhí aige críochnaithe anois agus tá gnáthchónaí air anseo. An bhfuil an tAire sásta athrú a dhéanamh ar an——