We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Íocaíochtaí do Mhná Tí Ghaeltachta .

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta cén t-ardú atá i gceist aige a íoc le mná tí sa Ghaeltacht a bheas ag tabhairt lóistín do pháistí ag freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana.

3. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta cén t-ardú atá i gceist aige a thabhairt do na mná tí sa Ghaeltacht i mbliana.

Comment on this
Patrick O'Toole Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole) Fine Gael

: Tógfaidh mé Ceist 2 agus Ceist 3 le chéile.

Níl aon athrú beartaithe ar an ráta deontais a cuireadh in iúl do rúnaithe na gcoláistí samhraidh níos luaithe.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

: Ní thuigim an tAire. An é an rud atá sé ag rá nach bhfuil aon athrú beartaithe aige ar an ráta i mbliana? An n-aontóidh an tAire, ó tharlaíonn sé go bhfuil arduithe móra ar luach bí agus costasaí eile, go mbeidh sé deacair ar na mná tí seirbhís cheart a chur ar fáil do na scoláirí i mbliana?

Comment on this

: B'fhearr liomsa go mór dá mbéinn in ann ardú a chur ar fáil dóibh, ach ba mhaith liom a rá freisin gur cosúil nach raibh sé ar intinn an iar-Aire an ráta a ardú. Cuireadh é sin in iúl ar an 2 Nollaig nuair a cuireadh ceist chun an Aire an raibh sé sásta ardú a thabhairt.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

: Táimid bréan den méid a bhí á dhéanamh ag an Rialtas a chuaigh amach. Tá ceithre mhí imithe ó shin. Bhí an Rialtas seo ciontach arduithe móra a thabhairt isteach, agus nach bhfuil sé ceart agus cóir anois aitheantas a thabhairt do na harduithe sin agus ardú ceart a thabhairt don ráta chun páistí a choinneáil i rith an tsamhraidh?

Comment on this

: Glacaim leis sin, ach an bhfuil an Teachta ag rá dá mbeadh seisean ar ar dtaobh seo den Teach nach mbeadh arduithe ar bith sa cháinfhaisnéis, agus eolas agus fios maith aige go mbeadh a leithéid ann dá mbeadh sé sa taobh seo. Chuir sé amach litir ar 2 Nollaig ag rá le rúnaithe na gcoláistí samhraidh nach mbeadh ardú ar an deontas i 1983 agus ag cur in iúl do na mná tí nach mbeadh a leithéid ann. Sin cúpla mí ó shin.

Comment on this

: Tá rud amháin soiléir ón méid atá ráite ag an Aire. Tá plean mór seo na Gaeilge foilsithe le roinnt seachtain anuas agus tá airgead an-mhór curtha ar fáil sa phlean sin. Muna bhfuil an tAire in ann cúpla punt suarach a chur ar fáil do na mná tí, ní bheidh sé in ann airgead a chaitheamh ar bhealach níos fearr nó níos éifeachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Iarraim ar an Aire breathnú go géar air agus cuid den airgead atá ar fáil a chaitheamh chun cabhair a thabhairt do na mná tí.

Comment on this

: Má chonaic an Teachta an méid mór airgid atá sa phlean nua seo atá le caitheamh — níl fhios agam cá bhfuil sé——

Comment on this

: Tá sé ann.

Comment on this

: Níl.

Comment on this

: Bhfuil bhfios ag an Aire nach fiú anois do na mná tí scoláirí a choinneáil de bharr na gcostas agus go scriosfar cuid de na coláistí samhraidh ar fad de bharr easpa chabhair airgid? An mbeadh an tAire sásta athsmaoineamh ar seo? An bhfuil sé ceart a bheith ag rá nach mbeadh aon ardú ar an ráta dá mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht anois? Ní hiad Fianna Fáil a thug an cháinfhaisnéis isteach. Bhí a lán ama chun ardú a thabhairt do na mná tí ó shin.

Comment on this

: Ar fhaitíos go mbeadh sé le tuiscint nach bhfuil airgead ar fáil i mbliana, cuireadh ar fáil agus caitheadh anuraidh £871,000, agus beidh an tsuim chéanna, agus breis, ar fáil i mbliana, ag braith ar na huimhreacha a bheidh ag iarraidh dul chuig an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh le Gaeilge a fhóghlaim.

Comment on this

: Sé an cheist a chuir mé ar an Aire ná an gceapann sé gur fiú do na mná tí na scoláirí a choinneáil, os rud é go bhfuil na costaisí imithe chomh hard? Tá na deontais chomh beag sin go bhfuil an lá ag teacht nach fiú do na mná tí na páistí a choinneáil—go mbeidh cailliúint ag a lán acu?

Comment on this

: Glacaim nárbh fiú páistí a choinneáil dá mbeadh cailliuint airgid acu — tá sé sin soiléir — ach is é atá á rá agam gur ait an rud é go bhfuil an brú seo ag teacht ón taobh sin den Teach. Nuair a bhí an t-iar-Aire san áit atá mise ann anois scríobh sé chuig rúnaithe na gcoláistí ag rá nach mbeadh ardú le fáil i mbliana, agus fios maith aige go mbeadh arduithe costas ann.

Comment on this

: Fine Gael a thug isteach an cháinaisnéis.

Comment on this

: Agus fios maith aige go mbeadh arduithe——

Comment on this

: Tusa is ciontach as anois.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

: Ceist a 4.

Comment on this

: Bhí mise istigh——

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

: Tá dhá cheist anseo.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

: Ceist deireannach ón Teachta Gallagher, an duine a chuir síos an cheist.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

: Tá dhá cheist anseo agus tugaim cead don Teachta Gallagher ceist a chur ar an Aire.

Comment on this

: An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil mná tí i dTír Chonaill ag smaoineamh gan na páistí seo a thabhairt isteach os rud é nach bhfuil siad ábalta brabach ar bith a dhéanamh. Tá cailliúint á déanamh gach bliain agus chomh maith leis sin cén uair deireannach a bhfuair na mná tí ardú?

Comment on this

: Thug mise ardú dóibh i 1982, i ndeireadh na bliana 1981 le haghaidh 1982.

Comment on this

: Cérbh é an t-ardú?

Comment on this

: Cúig pingin is fiche agus——

Comment on this

: Ach gheall an tAire i bhfad níos mó ná sin.

Comment on this

: Gheall mé punt i rith tréimhse ceithre bliana ag an am sin.

Comment on this

: Gheall tú punt i rith tréimhse an toghcháin.

(Cur isteach.)

Comment on this