We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Arranmore (Donegal) Ferry.

Arranmore ferry operating subsidy

Summary

The Minister said the State had covered the ferry’s full capital cost on the condition that no operating subsidy would be sought. He opposed promising a subsidy before the new service began, arguing it should be tested first; if a deficit later became clear, he would discuss the matter.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will grant a subsidy towards the running cost of Arranmore ferry, County Donegal.

17. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige fóirdheontas a cheadú i leith costaisí reatha an bháid farantóireachta a fhreastalóidh ar Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.

Comment on this
Patrick O'Toole Aire na Gaeltachta (Mr. O'Toole) Fine Gael

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 16 agus Uimh. 17 le chéile.

Is ar an gcoinníoll nach mbeadh fóirdheontas á lorg i leith chostais reachtála na seirbhíse a tugadh cead do Ghaeltarra Éireann an caiteachas caipitil iomlán ar an mbád farantóireachta sin a sheasamh.

Comment on this

An bhféadfadh an tAire teagmháil a dhéanamh le Údarás na Gaeltachta agus a iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar an cheist seo chun féachaint an féidir leo fóirdheontas a chur ar fáil, mar tuigim go bhfuil a leithéid le fáil do bháid farantóireachta eile sa Ghaeltacht i bpáirteanna eile den tír?

Comment on this

Glacaim go bhfuil fóirdheontas ar fáil do bháid farantóireachta eile ach, má tá, sin socrú a rinneadh roimhré. Maidir leis an bád farantóireachta seo go Árainn Mhór leagadh síos mar cheann de na coinníollacha go seasfadh an Stát costas iomlán an bháid ar an gcoinníoll nach mbeifí ag iarraidh fordheontas reachtúil ina dhiaidh sin. Sin ceann de na coinníollacha. Ní dóigh liom ag an bpointe seo — sula dtosnaíonn an seirbhís nua — go mba cheart a bheith ag iarraidh fordheontas. Ar a laghad, beifear ag súil go mbainfear triail as an tseirbhís féachaint an mbeidh sé ábalta íoc as féin agus má bhíonn is amhlaidh is fearr. Muna mbíonn, ansin beidh sé loigiciúil suí síos agus ceist fordheontas a phlé. Ach ag an bpointe seo — sula dtosnaíonn an tseirbhís — ní dóigh liom go bhfuil sé ceart a bheith ag iarraidh glacadh leis go mbeidh caillteanas ann ón gcéad lá.

Comment on this

An bhfuil an tAire ag rá go mbeidh sé sásta fordheontas a chur ar fáil ag deireadh na chéad bliana má bhíonn deficit ann?

Comment on this

Tá a fhios ag an Teachta Gallagher go maith dá dtabharfainn an gheallúint sin go ndéanfaí cinnte go mbeadh caillteanas ann ag deireadh na céad bliana.

Comment on this

An bhfuil an tAire á rá go mbeidh uisce faoi thalamh ar siúl ag na daoine san chomharchumann sin?

Comment on this

Ní dúirt mé é sin——

Comment on this

Ní dóigh liom gur ceart rud mar sin a rá.

Comment on this

Ní duirt mé é sin. Dúirt mé dá dtabharfainn geallúint anois go mbeadh airgead ar fáil i gceann bliana dá mbeadh cailliúint ann, tá a fhios ag an Teachta go maith go mbeifí ábalta é sin a dhéanamh. Séard a dúirt mé ná go mbeadh sé i bhfad níos fearr agus go mbeadh loigic i bhfad níos mó ag baint leis dá mbainfí triail as an tseirbhís agus taréis bliana nó dhá bhliain má bhíonn caillteanas ann sin an t-am suí síos agus an fhadhb a phlé. Ach bheith ag iarraidh airgead sula dtosnaíonn an tseirbhís tá tú ag ligean do mhadaí le sruth agus ag rá "Ní íocfaidh sé seo as é féin."

Comment on this

Nuair a bhí an tAire ag tabhairt freagra dúinn maidir leis an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta bhí sé ag caint faoi discrimination. An bhfuil an tAire agus an Roinn ag déanamh éagóra ar mhuintir oileán Árainn Mhór os rud é go bhfuil fordheontas le fáil do na hoileáin eile, mar shampla, Oileán Cléire agus na hoileáin amuigh ó chósta na Gaillimhe?

Comment on this

Ní dóigh liom go bhfuil aon éagóir á déanamh ar mhuintir an oileáin. Tá an-chuid airgid caite ansin. Mar is eol don Teachta, chuir an Roinn bád nua ar fáil. D'íoc an Roinn agus an tAire ag an am as an costas iomlán an bád sin a chur ar fáil. Mar sin ní féidir a rá go bhfuil éagóir ann. Is é an méid atá mise ag rá ná gur ceart fanacht le fáil amach an n-íocfaidh an tseirbhís seo as féin nó nach n-íocfaidh.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Ceist 18 an Teachta Denis Gallagher.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An n-aontóidh an tAire, os rud é go bhfuil cuid mhaith caiteachais i gceist anseo ó thaobh seirbhísí a chur a fáil, bád a thógáil agus mar sin de, go mba mhór an trua é nach n-éireoidh leis an rud ar fad agus go mba ceart an t-airgead a chur ar fáil ar dtús le seirbhís cheart a chur ar fáil in áit é bheith ar fáil nuair a bheadh caillteanas ann?

Comment on this

Aontaím leis an Teachta go mba mhór an trua dá dteipfeadh ar an tseir bhís seo ceal airgid. Ach glacfaidh an Teachta uaim go m'bhfiú triail a bhaint as an tseirbhís seo féachaint cén chaoí a n-éireoidh leis agus b'fhéidir go mbeidh ionadh ar chuile dhuine go n-íocfaidh sé as féin. Níl a fhios agam. Nuair a bheidh se cruthaithe nach féidir leis seasamh ar a cosa féin, ansin is ceart suí síos agus an fhadhb a phlé.

Comment on this

An mbeidh an tAire sásta ag an bpointe seo fordheontas a chur ar fáil agus ansin an ndéanfaidh an tAire ath-bhreithniú ar an gceist seo.

Comment on this

Tá an Teachta ag iarraidh an capall a chur taobh thiar den chart. B'fhearr go mór an capall a chur roimh an gcart agus a rá má tá caillteanas cruthaithe tar éis bliana, ansin beidh mé sásta suí síos agus an cheist a phlé leis an Teachta.

Comment on this