We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Alleged personal campaign against Údarás staff

Summary

Molloy praised the Authority’s work and accused the Minister of a personal campaign against its staff; the Minister denied the accusation.

An n-aontaíonn an tAire go bhfuil sár-obair déanta ag foireann Údarás na Gaeltachta chun postanna a shábháil agus postanna nua a bhunú sna ceantair Ghaeltachta, agus an nglacann sé go bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an bhfeachtas díoltasach, pearsanta atá ar siúl aige agus tacaíocht iomlán a thabhairt d'fhoireann an Údaráis?

Comment on this

Ba mhaith liom a rá leis an Teachta nach bhfuil feachtas pearsanta ar siúl agamsa agus diúltaím do sin ina iomlán. Ní dúirt mise focal amháin go poiblí in aghaidh éinne san Údarás agus ba mhaith liom dá n-inseodh an Teachta domsa áit ar bith gur léigh sé nó gur chuala sé mise ag rá tada go pearsanta in aghaidh éinne ar bhord an Údaráis nó ar fhoireann an Udaráis.

Comment on this