Consulting the Authority on its difficulties
Tunney urged the Minister to consult the Authority on resolving its difficulties and supporting Gaeltacht progress; the Chair ruled it outside the question.
An nglacann an tAire go bhfuil rudaí saghas ina phraiseach anois maidir leis an Údarás agus an nglacann sé féin go bhfuil an-chúraimaí ar an Údarás agus go bhfuil dualgas air féin — tá sé seo in ord; ní thuigeann tusa é. Ní hé tusa an Ceann Comhairle. An nglacann an tAire go bhfuil dualgas air dul i gcomhairle leis an Údarás láithreach féachaint cén chaoi is fearr chun na deacrachtaí atá acu a réiteach agus ionas go mbeidh dul chun cinn sa Ghaeltacht agus dul chun cinn le gach rud a bhaineann leis an Ghaeltacht.