Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Donegal Gaeltacht Harbours.
asked the Minister for the Gaeltacht if he will make a statement on improvements to small harbours in the Donegal Gaeltacht.
Comment on this
Tá deontais de bhreis ar £115,000 caite ag mo Roinnse ar mhionoibreacha mara i nGaeltacht Dhún na nGall sna blianta 1978-1982 i dteannta le suim timpeall £600,000 ar mhuiroibreacha níos mó ag an mBun Beag agus ag Ailt an ChorráinÁrainn Mhór. Tá oibreacha ar siúl nó á gcríochnú i sé ionad faoi láthair. Braithfidh dul chun cinn amach anseo ar an soláthar airgid a bheidh ar fáil.
Comment on this
Níl an t-eolas sin agam. An cheist a cuireadh orm bhain sí le mionoibreacha i nGaeltacht Dhún na nGall. Thug mé na figiúirí le haghaidh 1978-1982. Níl an bhliain seo críochnaithe go fóill agus mar gheall air sin níl an t-eolas agam.
Comment on this
An bhfuil an tAire sásta gur caitheadh go leor airgid i gContae Dhún na nGall i mbliana?
Comment on this
Má chuireann an Teachta ceist chugamsa go spesialta tabharfaidh mé an t-eolas dó. Níl an t-eolas agam féin faoi láthair. Níl agam ach suim go dtí deireadh 1982.
Comment on this
D'iarrfainn ar an Aire lámh chúnta a thabhairt don Teach agus don Teachta. Caithfidh go bhfuil eolas aige ar an trodán sin a bhaineann le caiteachas na bliana seo agus go bhféadfadh sé an t-eolas a thabhairt mar ba cheart. B'fhéidir nár thug na h-oifigigh dó é ach go hiondúil bíonn an t-eolas sin sa trodán, sna nótaí a thugtar d'Aire ar bith. Tá an t-eolas aige má tá, agus muna bhfuil, níl.