We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Arranmore Island (Donegal) Road Repairs.

Gaeltacht road repair funding

Summary

Molloy and Gallagher challenged the £25,000 allocation as inadequate for repairing roads across Gaeltacht areas, contrasting it with earlier funding and asking how much repairs would cost. Dukes said Arranmore would be considered in project selection, agreed that repairs were needed and that funding should be provided, and said the allocation was set out in the Estimates.

Ba mhaith liom a fháil amach on Aire cé'n úsáid a bhfuil sé i gceist ag an Roinn a bhaint as an £25,000 atá á chur ar fáil aige?

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Tá an cheist ar an clár faoi Dhún na nGall.

Comment on this

Nuair a bhí an tAire ag tabhairt freagra dúirt sé nach raibh ach líon beag airgid á chur ar fáil i mbliana faoi Roinn na Gaeltachta le haghaidh bóithre a dheisiú. Fiafraím den Aire cé mhéad airgid?

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Ní feidir leis an Aire nó leis an Teachta diospóireacht ginearálta a bheith acu.

Comment on this

Cén chaoi a cheapann an tAire gur féidir na bóithre a dheisiú ar an oileán seo muna gcuireann Roinn na Gaeltachta airgead ar fáil mar a rinneadar le blianta fada anuas go dtí anuraidh?

Comment on this

Dúirt mé go gcuirfear cás Árainn Mhór san áireamh nuair a bheidh na bóithre le haghaidh na scéime seo á roghnú.

Comment on this

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil bóthar amháin ar oileán eile siar as chósta iarthar na hÉireann go gcosnóidh sé £25,000 é a dheisiú? Níl san méid atá á chur ar fáil ag an Aire ach a dhóthain airgid chun bóthar amháin a dheisiú ar oileán eile síos píosa ón oileán seo.

Comment on this

An bhfuil an Teachta ag rá liom gur cóir dom an £25,000 a chaitheamh ar an mbóthar sin amháin?

Comment on this

An bhfuil a fhios ag an Aire go raibh suas le leath mhilliún punt á chur ar fáil roinnt blianta ó shin leis na bóithre a dheisiú agus anois níl sé féin ag cur ar fáil ach £25,000? Cé chaoi gur féidir leis na daoine atá in a gconaí sna ceantracha seo na bóithrí a fháil deisithe, nuair nach bhfuil an Rialtas ag cur airgid ar fáil?

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Tá an cheist seo ar Dhún na nGall amháin.

Comment on this

Ó thaobh Dhún na Gall de, níl an Rialtas ag cur a dhóthain airgid ar fáil fiú amháin chun na boíthre i nDún na nGall a dheisiú agus tá cúram na gceantracha Gaeltachta ar fad agus na hoileáin Gaeltachta ar fud na tíre ag Roinn na Gaeltachta agus da bharr sin tá sé soiléir nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas a dhótain airgid a chur ar fáil ionas go bhféadfaí aon bhóithre a dheisiú sna ceantracha Ghaeltachta sa bhliain seo.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Níl siad in ord ar Cheist 14, Ceist 15.

Comment on this

Cé mhéad a chosnódh sé caoi cheart a chur ar na bóithre ar Oileán Árainn Mhór.

Comment on this

Níl a fhios agam. An bhfuil éinne anseo gur feidir leis freagra cruinn a thabhairt ar an gceist sin? Táim réidh glacadh leis an méid atá ráite ag an Teachta nach bhfuil dóthain airgid le fáil chun na bóithre seo a chur i gcaoi, chun bóithre na tíre ar fad a chur i gcaoi. Sin ceist gur feidir linn a phlé ar Mheastachán na Roinne seo agus ar Mheastacháin eile.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Sin an méid.

Comment on this

Ní tharlaíonn sé go minic go mbíonn an tAire Airgeadais ag tabhairt na bhfreagraí ar cheisteanna a bhaineann leis an Ghaeltacht agus ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire——

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Tá an tAire Airgeadais anseo thar ceann Aire na Gaeltachta agus níl sé ceart ceist a chur air mar Aire Airgeadais.

Comment on this

An n-aontóidh an tAire liomsa agus leis an taobh seo den Teach go bhfuil gá leis na bóithre a dheisiú sna ceantracha Ghaeltachta agus nach féidir é sin a dhéanamh go dtí go gcuireann sé féin a dhóthain airgid ar fáil chun an job a dhéanamh?

Comment on this

Aontaím gur gá na bóithre a dheisiuí agus gur cóir airgead a chur ar fáil, an líon airgid is mó gur féidir a chur ar fáil, agus tá se ráite againn agus curtha os comhair na Dála san Mheastachán an líon airgid atá a chur fáil againn i mbliana.

Comment on this

Nach bhfuil náire ar an Aire go bhfuil sé ag cur £25,000 ar fáil le haghaidh na Gaeltachta go léir nuair a chuir Fianna Fáil idir 1980 agus 1982 £62,000 ar fáil le haghaidh oileáin amháin? B'fhéidir go ndéanfadh sé athbhreithniú ar an scéal agus níos mó airgid a thabhairt don Ghaeltacht.

Comment on this

Níl náire ar bith orm. Seachas £25,000 a chur ar fáil i mbliana chun na bóithre a dheisiú tá mé ag cur líon níos mó airgid ar fáil i mbliana chun ús ar an airgead a bhí faighte ag an muintir sin thall a dhíol.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

Ceist a 15.

Comment on this