We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - County Donegal Harbour Works.

County Donegal harbour grants and dredging

Summary

The Minister said his Department was consulting the Office of Public Works on Donegal harbour works, with projects already under way at several locations, including Burtonport. Gallagher pressed for separate funding to dredge Burtonport for fishing boats, arguing current ferry-landing works did not help the fishing industry; the Minister cited £3,985 remaining for ongoing works and invited details of any further proposal for examination.

asked the Minister for the Gaeltacht the harbours in County Donegal which will obtain grant aid from his Department during 1984.

Comment on this

Tá mo Roinnse i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir leis na muiroibreacha uile i gContae Dhún na nGall a mbeidh caiteachas orthu i mbliana. Ní miste a lua go bhfuil oibreacha ar siúl cheana i Machaire Rabhartaigh, i nGaoth Dobhair (soilse treoracha éagsúla) agus in Ailt an Chorráin.

Comment on this

An nglacann an tAire go bhfuil an-ghá le dreidireacht a dhéanamh ar ché Ailt an Chorráin agus go bhfuil dualgas ar Roinn na Gaeltachta leath den airgead atá de dhíth orthu a chur ar fáil agus an leath eile ón Roinn lascaireachta?

Comment on this

Glacaim go bhfuil gá le hoibreacha a leanacht in Ailt an Chorráin, mar shampla. Tá caiteachas ar siúl in Ailt an Chorráin agus i mbliana beidh fuíollach de £3,985 le caitheamh ar an obair sin.

Comment on this

An t-airgead atá á chaitheamh in Ailt an Chorráin faoi láthair an bhfuil sé sin ag cuidiú le tionscal iascaireachta? Is é an obair atá ag dul ar aghaidh ansin ná airgead á chaitheamh ar na landing facilities le haghaidh an ferryboat ag Ailt an Chorráin. An bhfuil sé sin ag cuidiú le tionscal iascaireachta agus an tuairim is ceithre céad míle punt á fáil le haghaidh na dreidireachta?

Comment on this

Sin ráiteas.

Comment on this

An n-aontóidh an tAire liom nach bhfuil an t-airgead sin atá á chaitheamh faoi láthair in Ailt an Chorráin ag cuidiú le tionscal na hiascaireachta agus muna bhfaighimid an leath mhilliún sin ó Roinn na Gaeltachta nach mbeidh bád ar bith ábalta teacht isteach don ché sin le murlais nó le scadáin ó seo amach?

Comment on this

Luaigh mé an fuíollach atá le caitheamh ar oibreacha atá ar siúl faoi láthair in Ailt an Chorráin. Má tá togra eile i gceist ba mhaith liom a chloisteáil ón Teachta cad é go beacht an obair atá i gceist aige, agus má tá iarratas le déanamh ina leith sin beidh mé sásta agus beidh Aire na Gaeltachta sásta é a iniúchadh go mion.

Comment on this

Ní dóigh liom gur gá dom a luadh d'Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta go raibh daoine anseo cúpla uair anuraidh agus b'fhéidir i mbliana ag labhairt leis an Aire maidir leis seo. Níl iarratas ar bith le cur isteach. Ba cheart go mbeadh an obair tosnaithe anois.

Comment on this
Thomas J. Fitzpatrick An Ceann Comhairle Fine Gael

An bhfuil ceist le cur ag an Teachta?

Comment on this

Bhí airgead curtha isteach ag Fianna Fáil sna Meastacháin ag deireadh 1982.

Comment on this

Níl mé chun plé a dhéanamh ar Mheastacháin 1983 faoi mar a cuireadh le chéile iad ag Rialtas Fhianna Fáil. Tá mé tar éis freagra a thabhairt ar cheist a bhain le caiteachas a bheidh le cur amach i mbliana idir Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Chontae Dhún na Ghall.

Comment on this