Aphort Pier Extension
The Minister said a grant had recently been approved for navigational lights at Aphort, but no pier-extension works were being considered; he recalled the extension request being refused in 1981 and promised to provide the grant amount. Gallagher welcomed the lights but challenged the Minister over the islanders’ need for an extension, and the exchange ended acrimoniously.
asked the Minister for the Gaeltacht the position in relation to the proposed extension to Aphort Pier, Arranmore Island, County Donegal.
Comment on this
Cheadaigh mé deontas le déanaí chun soilse treoracha a chur ar fáil ag Aphort agus níl aon oibreacha eile á mbreithniú faoi láthair don áit sin.
Comment on this
Dúirt an tAire gur cuireadh airgead ar fáil le déanaí maidir leis seo. B'fhéidir go gcuirfeadh an tAire in iúl don Teach an méid airgid a chaitheadh.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh an airgead sin le haghaidh na soillse mar go bhfuil siad an-tábhachtach le haghaidh na n-iascairí san cheantar sin. Mar gheall ar an cheist a chuir mé maidir leis an cé ag Aphort, tá forbairt de dhith orainn ansin. An bhfuil rud ar bith ag an Aire maidir leis sin?
Comment on this
Chomh fada siar le 1981 cuireadh scéal ag an Teachta nach bhféadfaí airgead a sholáthar an uair sin chun síneadh a chur leis an bpíora ag Aphort agus ó shin i leith go deimhin ní raibh aon tagairt don iarratas. Ní raibh aon bhrú go dtí gur chuir an Teachta an cheist seo síos. Ach mar a deirim, comh fada siar le Feabhra 1981 diúltaíodh seo agus níor chualathas focal faoi ó shin.
Comment on this
B'fhéidir nach bhfuair an tAire scéal ar bith uaimse, ach ceapaim go bhfuair sé go leor scéalta ó mhuintir Árainn Mhóir maidir leis seo agus go bhfuil an tAire an-ghlic inniu go háirithe maidir leis an cheist seo agus go bhfuil a fhios ag an Aire go rí-mhaith na fadhbanna atá ag muintir Aphort agus na deacrachtaí atá acu. Ní ceart dó bheith ag teacht isteach san Teach seo agus ag iarraidh bheith glic liomsa. Má tá suim ar bith aige san oileán ba cheart go mbeadh a fhios aige-san nó ag an Roinn go bhfuil na deacrachtaí seo acu. Ní ghlacfaidh muintir Árainn Mhór le freagra glic mar sin ón Aire.