County Galway house grant refusal
Molloy challenged the refusal of a new-house grant, arguing the applicant had been led to believe applications were accepted and could not occupy the existing house, which was occupied by her aunt. O’Toole said the rule against grants for applicants with a good existing home was longstanding, citing earlier grants to the applicant’s husband and financial constraints; he offered to review the case if given its details.
asked the Minister for the Gaeltacht the reason for refusing to sanction a new house grant application for a person (details supplied) in County Galway.
Comment on this
Níltear ag glacadh le hiarratas ar chúnamh do theach nua ó dhuine a bhfuil teach cónaithe maith aige cheana. Is ar an mbunús sin a diúltaíodh d'iarratas ón duine sin agus óna fear céile roimhe sin.
Comment on this
Cén uair a athraíodh polasaí na Roinne i leith deontaisí le haghaidh tithe nua. Sa freagra atá tugtha ag an Aire is léir go bhfuil athrú bunúsach déanta aige agus gan aon fhógra poiblí eisithe faoi roimh ré. Tá cás — caithfidh go bhfuil cuid mhaith cásanna ach seo cás amháin ar aon nós — in ar chuaigh an duine ar aghaidh ag tógáil tí gan eolas a bhí ar fáil ón Roinn ag an am go raibh agus go mbeadh deontas ar fáil le haghaidh an tí nua. Ansin nuair a bhí an teach leath tógtha aige d'athraigh an Roinn na rialacha agus anois tá siad ag diúltú an deontais. Cuirimse i leith an Aire nach bhfuil sé sin féaráilte agus iarraim air an athrú polasaí sin a ligean thart i gcásanna mar seo.
Comment on this
Níl aon athrú polasaí i gceist anseo. Íocadh deontas £1,500 leis an iarratasóir seo — fear céile an iarratasóra atá i gceist againn anseo — i 1980 le haghaidh teach nua a thógáil. Bhí £500 breise le híoc agus níor híocadh é sin toisc nár cuireadh ar fáil teideal sásúil. I rith na bliana 1983 íocadh deontas feabhsúcháin de £700 leis an iarratasóir agus deontas £500 chun seomra folctha a chur ar fáil. I mí Mheithimh 1983 diúltaíodh iarratas uaidh ar dheontas chun teach nua a thógáil toisc go raibh teach maith aige cheana féin. Tá a fhios ag an Teachta go raibh sé sin ann i gcónaí agus nach bhfuil aon athrú polasaí i gceist. Táimid ag caint anseo faoi bhean céile agus a fear céile atá ag iarraidh dhá dheontas a fháil. Duine amháin acu a fuair deontas le haghaidh teach úr, duine eile a fuair deontas le haghaidh atógáil tí agus tá sé á dhiúltiú ar an mbunús go bhfuil an teach atá acu sásúil faoi láthair. Tá siad anois pósta. Ní raibh siad pósta nuair a bhí an obair ar siúl i dtús báire.
Comment on this
Tá mise ag labhairt faoi chás i Formaoil Thiar. An bhfuil mé ag caint faoin chás céanna mar níl an t-ainm ar an——
Comment on this
Nach bhfuil sé fíor go bhfuair an t-iarratasóir seo — bean atá i gceist — litir ón Roinn ag rá gur theastaigh ón Roinn a mhíniú di nach bhfuiltear ag glacadh i mbliana agus cúrsaí airgeadais mar atá le hiarratais ar chúnamh do thithe nua ó dhaoine a bhfuil tithe cónaithe maithe sa Ghaeltacht acu cheana féin? Tá sé le feiceáil sa litir sin go bhfuil athrú ann — go bhfuil an Roinn ag míniú sa litir sin nach bhfuil siad ag glacadh i mbliana le hiarratais ó dhaoine a bhfuil teach acu cheana féin.
Comment on this
Tá an polasaí ann le dhá bhliain go leith — ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta — maidir leis an dara teach sa Ghaeltacht. Tá a fhios sin ag an iar-Aire taobh leis chomh maith.
Comment on this
Cén fáth ar dúradh leis an iarratasóir seo nach raibh siad ach ag stopadh an rud seo i mbliana, nach bhfuil siad ag glacadh leis i mbliana de bharr cúrsaí airgeadais?
Comment on this
Sin é an fáth atá leis, mar roimhe sin glacadh leis ach ní dóigh liom gur ceart anois é a dhéanamh agus cúrsaí airgeadais mar atá siad. Ach ní athrú polasaí é. Tá an polasaí ann le dhá bhliain go leith.
Comment on this
An t-eolas a fuair mise ná an teach cónaí a bhfuil an Roinn ag cur ina leith go bhfuil acu, go bhfuil aintín le duine acu ina cónaí sa teach sin agus cé go bhfuil sé fágtha aige in uacht a athar nach leis an teach fós go dtí go bhfaigheann a aintín bás agus nach féidir leis dul ina chónaí ann, nach bhfuil an teach ar fáil dó, agus b'fhéidir fiú amháin de réir an dlí ní leis an teach fós. An bhfuil a fhios ag an Aire faoi sin?