We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionsclóir Chontae na Gaillimhe.

Galway Industry Grant and Ministerial Oversight

Summary

The Minister said Údarás na Gaeltachta had approved a grant for one small industry in a shared building, employing four people; half had been paid, and no new application was known. Treacy questioned the grant because the industry allegedly competed with other firms and could cost jobs. The Minister promised to scrutinize the case before further payment; he and Molloy then discussed the Minister’s inspection and oversight powers, with the Minister unable to cite comparable cases.

d'Aire na Gaeltachta (a) cé na deontais a cuireadh ar fáil do thionsclóir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe, (b) an bhfuil sé sásta gur innealra nua atá curtha ar fáil sa bhfoirgneamh, (c) cén líon daoine atá fostaithe agus (d) cé mhéid tionscadal atá lonnaithe sa bhfoirgneamh.

Comment on this

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nár ceadaíodh aon chúnamh don chomhlacht a sonraíodh ach gur leis an foirgneamh atá i gceist ina bhfuil gnóthaí éagsúla ar siúl gan baint ag an Údarás ach le ceann amháin acu; agus gur ceadaíodh deontais i ndeireadh mí Iúil seo caite do mhiontionscal atá ar siúl i gcuid den fhoirgneamh agus ceathrar fostaithe ann faoi láthair: tá innealra san áireamh le haghaidh deontais ach is innealra nua amháin é.

Comment on this

Dúirt an tAire gur ceadaíodh deontas i mí Iúil seo caite. An bhfuil an deontas sin íoctha anois?

Comment on this

Tá cuid de íoctha, níl sé íoctha in iomlán.

Comment on this

Cé mhéid a bhí sandeontas go hiomlán?

Comment on this

De ghnáth ní thugtar léibhéal an deontais ag an bpointe seo. Foilseofar an deontas i dtuarascáil bhliantúil an Údaráis. Caithfidh mé fanacht. Níl ach leath an deontais íoctha ag an bpointe seo.

Comment on this

An bhfuil iarratas nua ar dheontas eile ag an gcomhlacht seo?

Comment on this

Níl, chomh fada agus is eol dom. Tá trí aonaid ligthe ag an gcomhlacht seo sa bhfoirgneamh seo agus ceann acu sin an tionscal atá ag fáil deontais ón Údarás. Tá péire ann nach bhfuil ag fáil deontas ar chor ar bith mar níl aon bhaint acu leis an Údarás.

Comment on this

An bhfuil iarratas nua Aire go bhfuil an tionscal seo i gcoimhlint díreach le comhlacht Stáit agus le comhlacht príobháideach agus tá na comhlachtaí sin suite in oirthear na Gaillimhe? An gceapann an tAire gur cóir go dtabharfadh eagras Stáit deontas do chomhlacht ar imeall na Gaeltachta chun comhlachtaí eile a chur as gnó agus oibrithe a chur ar an dole?

Comment on this

Glacaim go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Teachta nach ceart a leithéid a dhéanamh. De ghnáth, nuair a bhíonn an tÚdarás ag scrudú iarratais le haghaidh tionscal nua téann siad i gcomhairle leis an IDA, cuir i gcás, le fáil amach an bhfuil a leithéid de thionscal sa cheantar nó sa tír — is rud náisiúnta é seo — ag fáil deontas uathu siúd. Má cheaptar go bhfuil go leor de thairgeadh á dhéanamh ar cibe rud atá á dhéanamh ní thugann an tÚdarás deontas dá leithéid de thógra. Sin é an gnáth nós imeachta atá acu, agus maidir leis an tionscal seo ní dóigh liom go ndearnadh aon rud difriúil leis seo.

Comment on this

An bhfuil an tAire in ann geallúint a thabhairt don Teach go ndéanfaidh sé scrúdú dian ar eachtraí an chomhlachta seo sula n-íocfaidh an tÚdarás tuilleadh airgid?

Comment on this

Tabharfaidh mé an gheallúint sin cinnte. Rachaidh mé i dteagmháil leis an Údarás láithreach faoi.

Comment on this

An bhfuil cumhacht ag an Údarás deontas a thabhairt suas go dtí leibhéal áirithe agus má tá an deontas níos mó ná sin an mbíonn cead an Aire agus cead an Rialtais ag teastáil? Sna cásanna atá faoi bhun an leibhéil atá leagtha síos nach é an scéal go bhfuil cead ag an Údarás deontais a cheadú gan dul don Aire? Mar sin, ní-fheicimse cén chaoi go bhféadhfadh an tAire an gheallúint sin a thabhairt don Teachta. Nach rud é sin a thagann faoi chúram an Udaráis amháin?

Comment on this

Tá an Teachta ceart nuair a deireann sé go bhfuil cead ag an Údarás cinneadh a dhéanamh ar dheontais faoi shuim áirithe agus i gcásanna eile go gcaithfidh siad teacht chuig an Rialtas; agus más airleacan ata i gceist, is cuma beag nó mór é, caithfidh siad teacht chugamsa. Thug mise geallúint don Teach go ndéanfainn scrúdú air seo.

Tá cead agamsa cáipéis ar bith, eolas ar bith atá uaim, is cuma céard é féin, a fháil ón Údarás. Tá cead agam iad a léamh agus iad a iniúchadh chun scrúdú a dhéanamh orthu. Ba cheart go mbeadh a fhios sin ag an Teachta sin mar bhí raic againn anuraidh faoin rud céanna.

Comment on this

Tuigim go bhfuil an cumhacht sin ag an Aire; ach nach bhfuil sé fíor, de réir mar atá na rialacha leagtha síos faoi láthair, nach bhfuil cumhacht ag an Aire stop a chur ar an Údarás deontas a thabhairt má tá an deontas faoi leibhéal atá leagtha síos?

Comment on this

Má cheapann an tAire tar éis iniuchadh a dhéanamh go bhfuil rud éigin mícheart agus má tá cruthú aige go bhfuil rud éigin mícheart is féidir leis, agus tá de chumhacht aige, moladh a chur os comhair an Údaráis agus freagra a fháil uathu.

Comment on this

An féidir leis an Aire a rá an bhfuil aon chásanna in ar tharla sé seo?

Comment on this

Ní féidir liom é sin a rá láithreach.

Comment on this