Winter services to Tory and Inishbofin
Gallagher sought a regular winter service for Tory and Inishbofin. The Minister outlined existing boat and medical arrangements, accepted that the fortnightly helicopter service might not be operating and promised to consult the health board; he said Údarás na Gaeltachta can grant aid services subject to his consideration. The Department supports food and emergency boats on Tory, but not its helicopter service.
d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas ar fáil le seirbhís rialta seachtainiúil a sholáthar d'Oileán Thoraigh agus d'Inis Bó Finne le linn míonna an gheimhridh.
Comment on this
Ar na seirbhísí a bhíonn ar fáil le freastal ar Oileán Thoraigh i rith an gheimhridh tá bád an phoist ón mBun Beag gach seachtain; héileacaptar le dochtúir gach coicís; bád speisialta, le cabhair mo Roinne i gcás éigeandála, le bia; agus héileacaptar de chuid an Aer-Chóir i gcás éigeandála.
Tuigim freisin go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar na fadhbanna a bhainfeadh le seirbhís bhreise héileacaptair. Dá mbeadh cuid de na seirbhísí sin de dhíth le freastal ar Inis Bó Finne ag an am céanna d'fhéadfaí an cheist a bhreithniú.
Comment on this
An nglacfaidh an tAire leis nach bhfuil mórán daoine fágtha ar an oileán sin, go háirithe i rith an gheimhridh os rud é nach bhfuil na seirbhísí sásúil? An nglacfadh sé leis nach bhfuil seirbhís héileacaptair curtha ar fáil ansin gach coicís?
Comment on this
Sin rud a bhaineann leis an bord sláinte mar is iad san atá ag cur seirbhís ar fáil leis na blianta agus ag cur heileacaptair ar fáil le doctúir. Is é an t-eolas atá agam ná go bhfuil an tseirbhís sin ar siúl faoi láthair agus go bhfuil ó thosach.
Comment on this
Ag éirigh as an chéad freagra a thug an tAire, dúirt sé go bhfuil seirbhís héileacaptair ann gach coicís le haghaidh an oileáin seo. An nglacfaidh sé leis nach bhfuil an tseirbhís sin ann agus os rud é nach bhfuil agus go gceapann an tAire go bhfuil, an gcuirfidh sé brú ar Bhord Sláinte an Iar-Thuaiscirt an tseirbhís chéanna a thabhairt don oileán seo, oileán Inis Bó Finne agus an nglacfaidh sé le m'fhocal nach bhfuil an tseirbhís ann?
Comment on this
Deir an Teachta nach bhfuil an tseirbhís ann. Glacfaidh mé cinnte leis. Cheap mé féin, agus sin an t-eolas atá agam, go raibh sé sin le fáil gach coicís. Muna bhfuil, níl mise freagarthach as, mar tá a fhios ag an Teachta, ach rachaidh mé chun cainte leis an mbord sláinte thuas ansin go bhfeice mé céard atá ag tarlú agus cén fáth nach bhfuil.
Comment on this
Cé go raibh Údarás na Gaeltachta ag plé leis an cheist seo, an bhféadfadh siad deontas a thabhairt le haghaidh sheirbhís rialta, sheacthainiúil a chur ar fáil don dá oileán seo? Cén cumhacht atá ag Údarás na Gaeltachta deontas den tsórt sin a thabhairt amach?
Comment on this
Dá ndéanfaí moladh ag cruinniú an Údaráis a leithéid a chur ar fáil, bheadh orthu an moladh sin a chur os mo chomhair.
Comment on this
An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil cumhacht ag Údarás na Gaeltachta deontais a íoc le haghaidh seirbhísí agus áiseanna eile ach amháin cead a fháil on Aire? Thuig mise gur bunaíodh Údarás na Gaeltachta chun tionsclaíocht a chur chun cinn sna ceantair agus nárbh í an phríomh chuid den obair a bhí acu deontais a íoc cosúil le Roinn na Gaeltachta. Má tá an méid seo fíor tá dhá údaráis in ann deontas a íoc, is é sin a Roinn féin agus Údarás na Gaeltachta.
Comment on this
Ní dúirt mé riamh go raibh dualgas an údaráis ceangailte isteach i bhforbairt tionsclaíochta amháin. Is féidir leo deontais a thabhairt agus ar sheirbhisí chomh maith.
Comment on this
An bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tabhairt tacaíochta ar bith don tseirbhís seo atá á cur ar fáil ag an mbord Sláinte ar Oileán Toraigh — níl sé ag Inis Bó Finne — agus má tá, cé mhéid?
Comment on this
Tá tacaíocht á tabhairt faoi láthair. Tá scéim ansin le tacaíocht a thabhairt do bháid bhia agus do bháid éigeandála agus tugtar an tacaíocht sin.