We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Island Harbour Repairs.

Funding scheme for island harbours

Summary

D. Gallagher urged a more flexible grant scheme for island harbour facilities, including funding phased over several years. O’Toole said reasonable applications would be considered sympathetically and cited more than £920,000 spent on Gaeltacht island harbour facilities in four years, but explained that current financial rules require the full funding to be provided in the Estimates before work can proceed, preventing the proposed phased approach.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta scéim deontas do shaoráidí calaidh a scrúdú do mhuintir na n-oileán i gcaoi go gcuirfí feabhas mór ar na háiseanna atá ann i láthair na huaire.

Comment on this

Bímse sásta i gcónaí breithniú báúil a dhéanamh ar iarratais réasúnta ó oileáin Ghaeltachta chun feabhas a chur ar na háiseanna a bhíonn acu.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An nglacfaidh an tAire leis gurbh í an tslat tomhais céanna atá ann le airgead a chur ar fáil do chéanna oileán agus do chéanna san mhór-thír. Ó tharla go bhfuil gá le céanna do mhuintir na n-oileán le freastal ar a gcuid gnóthaí taobh amuigh de iascaireacht an n-aontóidh sé nach ceart bheith chomh dian leis an slat tomhais le airgead a chur ar fáil do chéanna agus áiseanna eile do mhuintir na n-oiléan.

Comment on this

Ní ceist slat tomhais é. Is iad oifigigh na nOibreacha Poiblí a réitíonn na rudaí seo sa phlean. Sin í an tslat tomhais atá againn. Le ceithre bliana anuas, tá os cionn £920,000 caite againn ar shaoráidí calaíochta ar mhaithe le hoileáin Ghaeltachta. Baineann an chuid is mó den chaiteachas sin le Árainn Mhór agus Alt an Chorráin, cuir i gcás, le haghaidh bád farantóireachta ansin. Chomh maith leis sin tá airgead a chur ar fáil leis an piara i gCill Rónáin a críochnú.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An nglacfaidh an tAire leis go bhféadfaí scéim a chur ar fáil i gcaoi nár ghá an t-airgead a chaitheamh in aon bhliain amháin? Cuir i gcás scéim trí bliana nó, fiú amháin, cúig bliana nuair a bheadh cuid mhaith caiteachais i gceist agus go bhféadfaí sa chaoi sin obair mhaith a dhéanamh leis na háiseanna seo a thabhairt do mhuintir na n-oileán, mar níl siad acu i láthair na huaire.

Comment on this

Ba cheart don Teachta smaoineamh air gur de réir mar atá rialacha ann faoi láthair ón Roinn Airgeadais agus chuile Roinn eile, nach féidir glacadh le scéim go dtí go mbeidh an t-airgead ar fad soláthraithe sa Mheastachán. Ansin nuair a thugann tú é sin amach do chonraitheoir níl aon tionchar agat air. Tig leis é a críochnú i gceann sé mhí nó i gceann bliana. Dá mbrisfí suas é i bpíosaí agus é a leathnú amach ar feadh cúig bliana, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr é a dhéanamh mar sin, ach ní féidir é sin a dhéanamh faoi na rialacha atá againn faoi láthair.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Sílim go bhfuil an tAire ag iarraidh a bheith rud beag simplí maidir leis na cúrsaí seo. Tá a fhios aige go rí-mhaith nach mbíonn conraitheoirí i bhfeighil na n-oibreacha seo ar fad a bhíonn ar siúl ag an OPW. Nuair a tharlaíonn nach conraitheoir atá i gceist ach Rannóg Stáit, thiocfadh leo siúd an obair a bhriseadh suas i gcaoi go ndéanfaí í i dtrí nó i gcúig bliana agus job ceart a dhéanamh.

Comment on this

Níl mé ag iarraidh a rá go bhfuil an Teachta simplí ach tá deacracht bunúsach anseo, nach féidir glacadh leis an job a dhéanamh go dtí go mbeidh an t-airgead ar fáil. Ansin caithfidh tú conraitheoir a fháil agus cé acu go ndéantar é i gcúig piosaí nó i bpíosa amháin, ag an bpointe seo ní féidir a iarraidh air an job a dhéanamh i gcúig píosaí.

Comment on this